Talasaemacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarTalasaemacht
cuir in eagar
Cineálautosomal recessive disease (en) Aistrigh, hemoglobinopathy (en) Aistrigh, hemolytic anemia (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighishaemaiteolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
deferasirox (en) Aistrigh, deferoxamine (en) Aistrigh agus deferiprone (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10D5656. Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9282.4282.4 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM141800 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000587 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine958850 agus 396792 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKthalassaemia-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD013789 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0039730 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:10241 Cuir in eagar ar Wikidata

Galar fola a fhaightear le hoidhreacht ina mbíonn táirgeadh éalangach haemaglóibine (an móilín a iompraíonn an ocsaigin sna heiritricítí) agus ainéime dá thoradh. Tarlaíonn sí do dhaoine ó oirdheisceart na hÁise is an Mheánmhuir ó dhúchas. Dhá shaghas ann, alfathalasaemacht is béite-thalasaemacht, an dá cheann acu de bharr géin mhínormálta a fháil le hoidhreacht. Má fhaightear an ghéin ó thuismitheoir amháin, bíonn na siomptóim éadrom (miontalasaemacht) ach is féidir an ghéin a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Fulaingíonn daoine a fhaigheann géinte mínormálta ón mbeirt tuismitheoirí an galar go trom, fiú go marfach (mórthalasaemacht). Sa saghas alfa, faigheann an féatas bás nó tarlaíonn marbh-bhreith. Sa saghas béite, bíonn an ainéime géar ón óige. Leathnaíonn smior na cnáimhe is an liathán chun tuilleadh eiritricítí a tháirgeadh mar chúiteamh, ach mar thoradh air seo tarlaíonn mínormáltachtaí cnámharlaigh don bhlaosc is an aghaidh go háirithe. Is í an chóireáil ná fuilaistriú arís is arís eile, ach is féidir go ndéanfaidh sé seo damáiste don ae is an croí.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Talasaemacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 641.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]