Tailidimíd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tailídimíd)
WD Bosca Sonraí DrugaTailidimíd
SpriocghalarBellini duct carcinoma (en) Aistrigh, Lobhra, An Galar Nódú in éadan Óstaigh, airtríteas réamatóideach, erythema nodosum (en) Aistrigh, mialóma iolrach, Letterer–Siwe disease (en) Aistrigh, Behçet's disease (en) Aistrigh, cancar, macroglobulinemia (en) Aistrigh, Crohn's colitis (en) Aistrigh,, lepromatous leprosy (en) Aistrigh, neurodermatitis (en) Aistrigh, Waldenström macroglobulinemia (en) Aistrigh, siondróm miailidiospláiseach, cutaneous lupus erythematosus (en) Aistrigh, pyoderma gangrenosum (en) Aistrigh, myelofibrosis (en) Aistrigh agus mialóma iolrach
Sonraí cliniciúla
Riosca le linn toirchisAustralian pregnancy category X (en) Aistrigh agus US pregnancy category X (en) Aistrigh
Bealachriarachán béil
Grúpa cógaseolaíochtacomhdhúil cheimiceach
Cód ATCL04AX02
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
FoirmleC13H10N2O4
Mais mhóilíneach258.064057 Da
Aitheantóirí
Uimhir CAS50-35-1
PubChem (SID)5426
IUPHAR/BPS7327
DrugBank01041
ChemSpider5233
UNII4Z8R6ORS6L
KEGGC07910 agus D00754
ChEBI74947
ChEMBLCHEMBL468
ECHA100.000.029

Is éard atá sa tailidimíd ná cineál suaimhneasán, druga a úsáidtear chun othair imníocha a shuaimhniú gan iad a chur ina gcodladh.

Druga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Móilín círiúil é móilín na tailídimíde, is é sin, tá an tailidimíd comhdhéanta as dhá chineál móilíní - eanantaiméirí, nó isiméirí optúla - ar scáilí scáthánacha dá chéile iad. Mar a thuigtear inniu, níl ach ceann den dá eanantaiméir ina theiritigin, agus an ceann eile ina chógas úsáideach.

Teiritigin

Inniu baintear úsáid áirithe as an tailidimíd fós mar chógas ailse agus lobhra.Tá fianaise ann go mb'fhéidir gur oibreán cumasach frithailseach an tailidimíd, mar cuireann sé bac ar fhás fuileadán a chothódh an siad.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh isteach an druga san Iar-Ghearmáin ar 1 Deireadh Fómhair,[1] sa Bhreatain sa bhliain 1958, in Éirinn i mí na Bealtaine 1959[2] agus ina dhiaidh sin i gcuid mhaith tíortha eile (seachas na Stáit Aontaithe áfach)[3]. D'éirigh sí an-choitianta (ní raibh ródháileog thromábhal marfach, fiú).[4] Go háirithe tugadh isteach Tailídimíd mar dhruga ar oideas le cóir leighis ar thinneas maidne.[5]

Ar an drochuair, fuarthas amach de réir a chéile gur teiritigin a bhí inti, ábhar a chuir tús le míchumaí comhbheirthe. Is é an toradh a bhí air seo nó gur rugadh leanaí le míchumais fhisiciúla.

Fuair Dr. Frances Kelsey i Lúnasa 1962 "the President’s Award" ó John F. Kennedy. Dhiúltaigh sí a tacaíocht a thabhairt don druga nua

Tarraingíodh siar í ó 1961 ar aghaidh. Meastar gur tharla míchumaí mar easpa géag nó codanna géag do 20% ar a laghad de na leanaí a rugadh do mhná a thóg tailidimíd le linn a dtoirchis: níos mó ná 10,000 leanbh.

Laoch an phobail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna Stáit Aontaithe, ní raibh an tÚdarás Bia agus Drugaí i bhfabhar agus ní raibh Dr. Frances Kelsey sásta cead a thabhairt don druga nua. I Lúnasa 1962, fuair sí  "the President’s Award" ó John F. Kennedy.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Leathanach Baile". Irish Thalidomide Survivors Society. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-27. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  2. "Thalidomide story" (en-CA). No Limits. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-08. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  3. Anois is gá do dhéantúsóirí drugaí a chruthú nach bhfuil aon iarmhairt theiritigineach ag druga nua i gcomhair daoine chun cead dlíthiúil a fháil é a chur ar an margadh.
  4. Tim Healy. "High Court gives directions on how Thalidomide compensation cases should progress" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-10-01.
  5. Nuacht RTÉ (2013-02-26). "TAILIDIMÍDE: cúiteamh luaite sa gClár Rialtais á lorg" (as ga). 
  6. Hussey, Matt (2011). "Tailídimíd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 638.