Cógaseolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse d'eolaíocht an leighis a dhéanann staidéar ar ghníomhuithe, feidhmeanna is fo-iarsmaí drugaí. Baineann na tuairiscí is ársa le leighis ó fhoinsí plandúla ón tSín is an Ghréig. Sa tSín, bhí thar 30 druga ar eolas sa 4ú céad RC, agus faoin 1ú céad AD thug leabhar mór cógasaíochta liosta de 365 leigheas. Ba é De Materia Medica (I dTaobh Ábhair Leighis, c 60 AD) le Diascóradas an chéad leabhar cógaseolaíochta san iarthar. Faoi 992 bhí eolas ag na Sínigh ar 1,748 druga is 16,000 oideas. D'éirigh an t-ábhar ina dhisciplín eolaíochta san iarthar sa 19ú céad nuair a thosaigh ceannródaithe ag déanamh staidéar ar ghníomhuithe fiseolaíocha na ndrugaí íonaithe. Rinne Magendie an chéad anailís thurgnamhach ar ghníomhú druga íon (stricnín), agus chuir síos ar a thuilleadh drugaí ina Formulaire (Foirmleoir, 1821). Bunaithe air sin, rinne eolaithe Gearmánacha éacht chun an t-ábhar a fhorbairt go hacadúil is go trádálach. Rinne Oswald Schmeideberg (1838-1921) taighde ar ghníomhú digiteálais is muscairín. Rinne Hans Horst Meyer (1853-1939) taighde ar ghníomhú ainéistéiseach. Léirigh Paul Ehrlich (1854-1915) gurb ionann nó cosúil le gnáthnaisc cheimiceacha imoibrithe idir drugaí is fíocháin. Chuir John J. Abel (1857-1938) go mór le forbairt na disciplíne sna Stáit Aontaithe. Anois déantar taighde cógaseolaíochta i gcomhlachtaí, ollscoileanna is institiúidí taighde, agus tá 200 druga bunúsach ann, de réir mar a shainmhíonn an WHO é. Le himeacht ama tá fo-bhrainsí ar leith á saothrú, ina measc cógaseolaíocht mhóilíneach, imdhíonachógaseolaíocht is néarachógaseolaíocht, agus baineann siad seo le disciplíní eile sa bhitheolaíocht is an eolaíocht i gcoitinne.