Stricnín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Alcalóideach nimhiúil, i láthair i mbaill den ghné strychnos, crainn spíonacha nó toim dreapaire le teannóga cosúil le crúcaí, atá dúchasach do na trópaicí. Tugadh isteach sa Ghearmáin é mar nimh francach sa 16ú céad. Úsáideadh go forleathan sa mhíochaine é, ach níl feidhm chliniciúil rathúil ar bith aige. Tarlaíonn nimhiú taismeach leis anois is arís, agus aisficse a mharaíonn duine. Meascann mangairí drugaí é le hearóin chun í a ramhrú, mar is púdair bhána an dá ábhar le blais chosúla shearbha.