Ciriúlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ciriúlacht

Is éard is ciriúlacht ann ná neamhshiméadracht nach gceadaíonn réad a fhorshuíomh ar a íomhá scáthánach. Coincheap tábhachtach atá ann sa cheimic orgánach. De ghnáth, baineann an chiriúlacht cheimiceach le hadamh carbóin a bhfuil ceithre mhalartaí difriúla nasctha de. Lárphointe ciriúil é an t-adamh carbóin den chineál seo, agus is féidir na malartaithe a chur ina thimpeall ar dhá bhéalach, ionas go bhfaighfear dhá isiméir agus iad ina n-íomhánna scátháin dá chéile. Tugtar eanantaiméirí ar an dá isiméir seo. Gníomhaíonn eanantaiméirí ar an dóigh chéanna i gcomhshaolta siméadracha, ach gníomhaíonn siad difriúil óna chéile i leith móilíní ciriúlacha. Mar sin, bíonn an leáphointe céanna acu, ach is féidir nach ionann an blas nó an boladh dóibh.

Go tipiciúil, bíonn tionchar an dá eanantaiméir ar orgánach an duine éagsúil freisin. Mar shampla, tá an tailidimíd comhdhéanta as dhá eanantaiméir. Cógas míchlúiteach í an tailidimíd a raibh an-ráchairt air thiar sna seascaidí, agus na mná torracha ag déanamh craosaireachta ar na piollaí tailídimíde le maolú ar an tinneas maidine a bhíonn ag luí ar na mná agus iad ag iompar clainne. Mar a tháinig chun solais áfach, is teiritigin í an tailidimíd - is é sin, fágann sí anchuma ar an leanbh nuabheirthe, go háirithe ar na lámha agus na cosa. Is é an tuiscint atá ag na heolaithe inniu, áfach, go bhfuil dhá eanantaiméir na tailídimíde éagsúil le chéile sa dóigh a dtéann siad i bhfeidhm ar an orgánach: níl ach ceann acu ina theiritigin, agus is é an ceann eile an cógas úsáideach.

Bíonn na heanantaiméirí in ann tionchar a imirt ar sholas polaraithe, is é sin solas nach bhfuil ag déanamh tonnchreatha ach in aon leibhéal amháin. Má théann solas den chineál seo trí eiseamal nach bhfuil ach aon eanantaiméir amháin ann, casfaidh an eanantaiméir an leibhéal tonnchreatha in aon treo amháin, agus casfaidh an eanantaiméir eile an oiread céanna ina mhalairt de threo. Is gnách na heanantaiméirí a ainmniú de réir na gníomhaíochta optúla seo: deirtear go bhfuil S-isiméir agus D-isiméir ann. Casann an S-isiméir leibhéal an tonnchreatha ar chlé, agus casann an D-isiméir ar dheis é. Seasann S don fhocal Laidine sinister, agus is éard atá i gceist le D ná dexter. Uaireanta, áfach, tá an ainmníocht seo bun os cionn leis an dóigh a gcasann an dá eanantaiméir an leibhéal tonnchreatha. Ansin, tá an ainmníocht bunaithe ar iompraíocht an mhóilín as a bhfuil struchtúr an dá eanantaiméir sin díorthaithe.

Má mheasctar an oiread céanna den S-isiméir agus den D-isiméir trí chéile, ionas nach gcasfar tonnchrith an tsolais pholaraithe in aon treo, deirtear go bhfuil meascán raicéimeach againn.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ciriúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 139.