Taephota

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dhá chorcán tae

Soitheach faoi leith is ea taephota (nó corcán an taeruacan freisin). Is ann a fhliuchtar tae. Caithtear duilleoga tae ann agus anuas orthu sin, doirtear uisce beirithe. Bíonn barr air chun an t-uisce a choimeád te agus an gal a choimeád ann. Bíonn feadán ar an dtaobh ar a ghlaotar gob. Doirtear an tae amach an gob. Is cré-earra taephota de ghnáth. Déantar le cré iad. Ní seolann cré-earraí teas, cé go mbíonn an taephota te nuair a bhíonn sé lán de tae te. Déantar de mhiotal iad freisin. Is féidir taephota a bheith beag nó mór. Is féidir toilleadh beag nó mór a bheith acu. Is féidir ceann a fháil atá oiriúnach i gcóir tae do dhuine amháin nó ceann mór le toilleadh mór atá in ann tae a dháileadh ar bhreis is 30 daoine.