T-chill
| Sonraí | |
|---|---|
| Laidin | lymphocytus T |
| Cuid de | córas imdhíonach |
| Aitheantóirí | |
| MeSH | D013601 |
| TH | H2.00.04.1.02007 |
| FMA | 62870 : il-aiseach – ordlathach |
| Acmhainní seachtracha | |
| EB Online | science/T-cell |
| Téarmaíocht anatamaíoch | |
Is cineál limficíte í T-chill. Tá T-chealla ar cheann de na cealla fola bána tábhachtacha den chóras imdhíonachta agus tá ról lárnach acu sa fhreagra imdhíonachta oiriúnaitheach. Is féidir T-chealla a idirdhealú ó limficítí eile trí ghabhdóir T-chealla (GTC) a bheith i láthair ar dhromchla a gcuid ceall.
Beirtear T-chealla ó ghaschealla fuilghinte,[1] le fáil sa smior. Téann T-chealla atá i mbéal forbartha ar imirce ansin go dtí an fhaireog tímis chun tuilleadh forbartha a dhéanamh (teacht in aibíocht). Faigheann T-chealla a n-ainm ón tímeas.[2] Tar éis aistriú go dtí an tímeas, aibíonn na cealla réamhtheachtaithe agus déantar cineálacha éagsúla T-chealla díobh. Leanann difreáil na T-gceall freisin tar éis dóibh an tímeas a fhágáil. Tá feidhmeanna tábhachtacha éagsúla ag grúpaí d’fhochineálacha T-chealla sainiúla difreáilte chun an fhreagairt imdhíonachta a rialú agus a mhúnlú.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Éagsúlacht na gCeall Curtha i gcartlann 2022-06-29 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “5. Hematopoietic Stem Cells”. Stem Cell Information. National Institutes of Health, U.S. Department of Health and Human Services (17 Meitheamh 2001). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Deireadh Fómhair 2016. Dáta rochtana: 21 Nollaig 2021.
- ↑ Alberts B, Johnson A, Lewis J, Raff M, Roberts k, Walter P (2002). Molecular Biology of the Cell. New York: Garland Science. p. 1367. "T cells ... derive their [name] from the organs in which they develop. T cells develop [mature] in the thymus"