Gabhdán (fiseolaíocht)
Cuma
San fhiseolaíocht, láthair ar leith é an gabhdán atá taobh istigh den chillscannán de ghnáth, atá oiriúnaithe chun néaratharchuradóirí is hormóin a nascadh agus idirghabháil a dhéanamh maidir lena n-iarmhairtí sa chill. Déanann siad idirghabháil le hiarmhairtí ábhar coimhthíoch eile (drugaí ina measc) ar an gcolainn freisin. Tugtar láithreacha nasctha orthu freisin. Mar thoradh ar an nascadh, gníomhachtaítear fachtóirí idirmheánacha a spreagann an fhreagairt cheallach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gabhdán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 298.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |