Limficít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtLimficít
Cuid decóras limfeach
Aitheantóirí
MeSHD008214
THH2.00.04.1.02002
FMA62863 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/lymphocyte
Téarmaíocht anatamaíoch


Saghas cill bhán fola ar leith (leocaicít) a bhíonn i láthair sa bhfuil, na soithigh limfeacha, agus fíocháin eagraithe liomfóideacha (an liathán, na nóid limfeacha, mar shampla).

Rangaítear na limficítí mar limficítí B (cealla B) a dhíorthaítear ó smior na gcnámh, agus limficítí T (cealla T) a dhíorthaítear ón tímeas.

Aibíonn limficítí B sa smior, agus cuimsíonn siad na hábhair a chruthaíonn cealla an phlasma, táirgtheoirí na n-antasubstaintí. Aibíonn limficítí T sa tímeas ó chealla réamhtheachtaire a rinne imirce ó smior na gcnámh, agus a fhéadfaidh cabhrú (cealla T cabhraithe) nó cosc a chur (cealla T coiscthe) le cealla T.

Cuimsíonn limficítí T réamhtheachtairí cealla T cíteatocsaineacha freisin, a mharaíonn cealla atá ionfhabhtaithe le víris go díreach, gan aon antasubstaintí a bheith i gceist.

An uireasa imdhíonach a fheictear in ionfhabhtú le SEIF, de réir dealraimh, éiríonn sí thar aon rud eile ó chailliúint cealla T cabhraithe de bharr ionfhabhtú roghnach cealla T ag an víreas agus a scrios iarmharach.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Limficít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 410.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]