Suzanne (amhrán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóSuzanne
Cineálsaothar ceoil
TaibheoirJudy Collins, Leonard Cohen, Noel Harrison, Roberta Flack agus Flo Morrissey (en) Aistrigh
ObairSongs of Leonard Cohen (en) Aistrigh
Foilsithe1966
Seánraceol tíre
TeangaBéarla
LiriceoirLeonard Cohen
CumadóirLeonard Cohen
LéiritheoirJohn Simon
Ainmnithe in ómósSuzanne Verdal
Musicbrainz: 87589fa7-1924-3089-932d-f6c3dc113937 Cuir in eagar ar Wikidata

Dán agus amhrán de chuid Leonard Cohen is ea Suzanne,[1] foilsithe don chéad uair sa bhliain 1966 (sa chnuasach filíochta Parasites of Heaven). Chas Judy Collins an t-amhrán don chéad uair, in 1966 chomh maith. D'eisigh Cohen Suzanne in 1967, a chéad singil, ach níor éirigh ró-mhaith leis ag an am.

Bhí gaol platónach ag Cohen le Suzanne Verdal, damhsóir i Montréal agus tá an t-amhrán fúithi[2] (agus ní Suzanne Elrod, an dara bean ina shaol, máthair na bpáistí aige).[3]

Leagan Cohen, a chéad singil eisithe in 1967 sna Stáit Aontaithe

Suzanne agus Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tionchar mór ag William Butler Yeats ar Cohen agus bhí caidreamh gnaíúil aige lena lucht éisteachta in Éirinn.

Sna 2010idí, d’aistrigh na filí Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile cuid de liricí Cohen go Gaeilge mar chuid den fhéile litríochta IMRAM agus chan Liam Ó Maonlaí, David Blake, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra iad ag ócáid speisialta le linn na féile.[4]

Liricí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suzanne cois na habhann

Greim láimhe ar a chéile

Is is clos na báid ag gluaiseacht

Beidh tú léi ar feadh na hoíche.

Agus tá sí leathchraiceáilte

Sin an fáth a bhfuil tú léithi:

Seo chugainn tae anois ’s oráistí

Ó chuanta na Síne

Is tú ar tí anois a rá léi

Nach bhfuil grá agat le tabhairt di

Ar a tonnfhad breá atá tú

Ag an abhainn atá an freagra:

Bhí tú riamh mar leannán aici:

Is ba mhaith leat taisteal léithi

Is ba mhaith leat taisteal dall

Mar tá muinín aici asat –

Is bhí d’aigne sáite riamh ina cabhail.

Is bhí Íosa ina loingseoir

Nuair a shiúil Sé ar an uisce

Is bhí feitheamh fada fuar ann

Óna thúr adhmaid uaigneach,

Is nuair tuigeadh Dó gan bhréag

Nach mbeadh radharc Air ach san éag:

‘Bíodh gach éinne ina loingseoir

Go saorfaidh an mhuir mhór iad.’

Ach bhí Sé briste brúite

Sula n-osclódh na spéartha,

É tréigthe, nach mór daonna,

Bádh faoi do ghaois-se É mar chloch.

Is ba mhaith leat taisteal Leisean

Is ba mhaith leat taisteal dall

Ba mhaith leat É a thrustáil –

Bhí A aigne sáite ionat riamh anall.

Tá do lámh ag Suzanne

Agus seo libh chun na habhann

Lena ceirteacha is cleití

Ó Naomh Uinseann bocht de Pól

Tá an ghrian ag doirteadh meala

Ar ár maighdean ’tá sa chuan.

Agus deir sí ‘Féach arú

I measc an bhruscair is na mbláth.

Tá na Fianna san fheamainn

Is tá leanaí ann ar maidin.

Táid ag síneadh chun an ghrá

Agus is amhlaidh a bheidh choíche.’

Ag Suzanne ’tá an scáthán:

Is ba mhaith leat taisteal léithi

Is ba mhaith leat taisteal dall

Mar tá muinín aici asat – [3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Suzanne (Live) | The Official Leonard Cohen Site". web.archive.org (2012-03-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-11. Dáta rochtana: 2023-11-11.
  2. BBC. "The Story of Suzanne". www.leonardcohenfiles.com. Dáta rochtana: 2023-11-11.
  3. 3.0 3.1 Gabriel Rosenstock (11 Samhain 2016). "LEONARD COHEN (1934-2016): Ar shlí, níl deireadh in aon chor leis, ná baol air, is ní bheidh go deo…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-11.
  4. "Aistriúcháin COHEN : ‘Bead ag caint leat go binn ó fhuinneog i dTúr na nAmhrán’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2016-11-11). Dáta rochtana: 2023-11-11.