Jump to content

Sulchóid Bheag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSulchóid Bheag

Suíomh
Map
 52° 31′ 22″ N, 8° 09′ 49″ O / 52.522654°N,8.163719°W / 52.522654; -8.163719
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Iaraonán críochach riaracháinContae Thiobraid Árann
Second-level administrative division (en) AistrighContae Thiobraid Árann Theas
ToghroinnSulchóid Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde97 m Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie48970

Baile fearainn agus paróiste sibhialta i gContae Thiobraid Árann, Éire, atá suite siar ó thuaidh ó bhaile Thiobraid Árann is ea Sulchóid Bheag.[1]

Sa bhliain 968 ba í Sulchóid Bheag an áit do Chath Shulchóid, áit ar chuir an Rí Dhál gCais Mathgamain mac Cennétig agus a dheartháir Brian Bóramha an ruaig ar an Lochlannach Íomhar Luimnigh. Sa bhliain 1603, ba áit stoptha í do Dhomhnall Cam Ó Súileabháin Bhéara le linn a mháirseála eipiciúil ó Chaisleán Dhún Baoi in iarthar Chorcaí go Caisleán Uí Ruairc i Liatroim.

Forógra ag tairiscint luaíochta1000 punt ar fhaisnéis as as a dtiocfaidh gabháil na ndaoine a bhí páirteach i luíochán Shulchóid.

Luíochán Shulchóid Bheag

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuimhneachán

Tharla Luíochán Shulchóid Bheag, a dúradh gurbh é an chéad chomhrac é i gCogadh na Saoirse in Éirinn, anseo ar an 21 Eanáir 1919. Comórtar an eachtra ag séadchomhartha ag Crosaire Shulchóid Bheag, timpeall 1.5 km siar ó thuaidh ó Stáisiún Ghabhal Luimnigh áit a mbíonn searmanas cuimhneacháin ar siúl gach bliain ar chomóradh an luíocháin, a bhí faoi stiúir Séumas Robinson, Seán Treacy, Dan Breen agus Seán Hogan ón Tríú Briogáid Thiobraid Árann . Tá sonraí an tséadchomhartha agus grianghraif le fáil ag Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann Tá cuntais ar an luíochán seo le fáil i mBiúró Stair Mhíleata na hÉireann, áit a gcoimeádtar ‘Ráitis Fhinnéithe’ éagsúla. Rinne baill den ‘Old IRA’ na tuarascálacha seo mar mhalairt ar phinsin Arm na hÉireann tar éis Neamhspleáchas ón RA. Tá go leor tagairtí ann ach tugann Number WS1658 pointe tosaigh. Ar lá na hoibríochta bhí ceathrar oifigeach ann de chuid an 3ú Briogáid Thiobraid Árann IRA; Seán Treacy, Dan Breen, Seán Hogan (gan é ach 17 ag an am) agus Séumas Robinson. Bhí cúigear Óglaigh eile ina dteannta: Tadhg Crowe, Mick McCormack, Paddy O’Dwyer (Hollyford), Michael Ryan (Dún Aill) agus Seán O’Meara (Tiobraid Árann) — gasóga rothaíochta an bheirt deiridh. Tá balla ag an séadchomhartha ar a bhfuil na hocht sloinne Seán Treacy, Dan Breen, Seán Hogan, S. Robinson, T. Crowe, M. McCormack, P. O’Dwyer, M. Ryan, a bhí ag an suíomh deiridh den luíochán a ba chúis le bás beirt bhall de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus urghabháil cart geiligníte.

Daoine suntasacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]