Suella Braverman
Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe is ea Sue-Ellen Cassiana "Suella" Braverman, i bhfad amach ar an eite dheis agus ball den European Research Group. Rugadh í Sue-Ellen Cassiana Fernandes sa London Borough of Harrow ar an 3 Aibreán 1980.
Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceapadh í mar Ard-Aighne ar Shasana agus na Breataine Bige ar 13 Feabhra 2020 agus d'fhan sí sa phost sin go dtí Meán Fómhair 2022.
Ceapadh Braverman mar Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine i mí Mheán Fómhair 2022. D'éirigh sí as a post ar 19 Deireadh Fómhair 2022, tar éis di cáipéis oifigiúil a sheoladh óna cuntas pearsanta ríomhphoist seachas ó chuntas rialtais.[1]
Thug Suella Braverman í féin le fios i litir a sheol sí chuig Príomh-Aire na Breataine Liz Truss. Dúirt sí sa litir gur botún a bhí ann, mar sin féin, an cháipéis a sheoladh óna cuntas pearsanta agus dúirt go raibh freagracht as an mbotún sin á glacadh aici. Mhaígh sí go raibh sí an-imníoch faoi chomh tiomanta agus atá Rialtas na Breataine na gealltanais a rinne siad san olltoghchán deireanach a chomhlíonadh. Ceist na n-imirceach is mó a bhí ar intinn aici sa mhéid seo, agus í ag iarraidh lucht iarrtha tearmainn a sheoladh chuig Ruanda, srl.
Mhaígh sí "nach féidir linn ligean orainn féin nach ndearnamar botúin agus leanúint orainn ar nós go bhfuil daoine eile dall ar na botúin sin."
Bhí Grant Shapps ceaptha ina Rúnaí Gnóthaí Baile mar chomharba.[1]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-10-19). "Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine éirithe as oifig" (as ga-IE).