Plean tearmainn na Ríochta Aontaithe in Ruanda

Sa bhliain 2022, bhí pleananna ag rialtas na Breataine lucht iarrtha tearmainn a dhíbirt go Ruanda.[1] Bhíothas ag súil go ndíbreofaí seachtar teifeach go Ruanda ar 14 Meitheamh 2022.[2]
Ach cuireadh bac ar na pleananna agus d'éirigh an beart ina dhomlas. Thug cinneadh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de na cásanna deis do dhlíodóirí achomharc a dhéanamh do na sé cinn eile ag an nóiméad deiridh.[3] Bhí an seachtar fágtha (agus lucht iarrtha tearmainn eile) idir dhá cheann na meá ó shin, Déanfaidh an chúirt cinneadh iomlán ar dhlíthiúlacht bheartas Ruanda ar ball.
Dúirt an Rúnaí Baile, Priti Patel, níos déanaí go leanfadh an Rialtas Briotanach ar aghaidh leis an bpolasaí in ainneoin an rialaithe.[4] Chosain Liz Truss, Rúnaí gnóthaí eachtracha na R-A ag an am, an plean chomh maith. Bhí an rialtas ag iarraidh fós eagla an domhain a chur ar lucht iarrtha tearmainn thar lear, chun an inimirce a laghdú.[5]
Bhí sé ina chogadh dearg le tamall faoin inimirce, ach tharraing an "plean Ruanda" conspóid go leor.[6]
Géarchéim[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'éirigh Braverman as mar Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine i mí Dheireadh Fómhair 2022. Mhaígh sí go raibh sí an-imníoch faoi chomh tiomanta agus atá Rialtas na Breataine na gealltanais a rinne siad san olltoghchán deireanach a chomhlíonadh. Ceist na n-imirceach is mó a bhí ar intinn aici sa mhéid seo, agus í ag iarraidh lucht iarrtha tearmainn a sheoladh chuig Ruanda, srl.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ parliament.uk (2022). "UK-Rwanda Migration and Economic Development Partnership". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-04. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (18 Meitheamh 2022). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). iVoox. Dáta rochtana: 2022-09-04.
- ↑ Cúirt Eorpach um Chearta an Duine - CECD (ECHR) (14 Meiteamh 2022). "Urgent interim measure in the case of N.S.K. v. the United Kingdom". Dáta rochtana: 4 MF 2022.
- ↑ RTÉ brainstorming (2019-09-22). "What are 'safe zones' and how do they work?" (as en).
- ↑ "Home Office planning new deportation flight to Rwanda" (en). the Guardian (2022-08-25). Dáta rochtana: 2022-09-04.
- ↑ "UK Church Leaders Condemn Rewriting of Human Rights Law" (no). Scientology Religion. Dáta rochtana: 2022-09-04.