Stair lucht LADT in Éirinn
Tá stair lucht LADT in Éirinn ag dul siar na céadta bliain.[1] Tá fairsinge agus doimhneacht ag baint le stair an phobail LADTAIÉ+ in Éirinn.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1634, cuireadh dlí i bhfeidhm – an t-aon dlí amháin in Éirinn i gcoinne na homaighnéasachta.[3] Thosaigh cur faoi chois na gnéasachta, ré a mhair 450 bliain.
Ba é an Pharlaimint i mBaile Átha Cliath a chur an dlí sin i bhfeidhm. Ach is as Westminster a tháinig sé; ritheadh an dlí thall ansin sa bhliain 1533.[4]
Roimhe na 1630idí, ní raibh bac ar bith ar an homaighnéasacht in Éirinn i measc na nGaeil. Ach leis an Phlandáil, tháinig scoilt mhór in Éirinn ó thaobh stair na homaighnéasachta. Bhí meon i bhfad níos oscailte maidir le homaighnéasacht ag na Gaeil, ná mar a bhí ag na Sasanaigh a chur an tír faoi smacht.[2]
Ar 5 Nollaig 1640, chrochadh an tEaspag, John Atherton,[5] agus a stíobhard, John Childe i bPort Láirge. Ciontaíodh iad as dhá chúiseamh a bhain le bugaireacht (nó gníomhartha homaighnéasacha).
20ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 26 Meitheamh 1980, d’oscail an polaiteoir radacach Noel Browne an Lárionad Hirschfeld, Sráid Fownes, Barra an Teampaill, BÁC. Bhí seirbhísí ar fáil ann don lucht LADT agus osclaíodh an club oíche míchlúiteach Flikkers. Bhí tarraingt mhór air sna 1980idí. Ar 4 Samhain 1987 dódh Fikkers go talamh le rún mioscaise.
Tharla an chéad agóid LADT+ i mBaile Átha Cliath ar an 27 Meitheamh 1974.[6] Chuaigh deichniúr (an feachtasóir David Norris san áireamh) ar mhórshiúl ón Roinn Dlí agus Cirt go dtí Ambasáid na Breataine chun agóid a dhéanamh in aghaidh choiriúlú na homaighnéasachta (iarsma ó na dlíthe coilíneachta).
Tharla Dúnmharú Declan Flynn sa bhliain 1982, fear aerach i mBÁC, Gearradh pianbhreith ar fionraí ar lucht a mharaithe. Dúirt an feachtasóir David Norris ag an am faoin gcinneadh sin go bhféadfaí é a thuiscint mar ‘licence to kill’, go raibh saorchead acu marú.[7]
Tharla an chéad Pharáid Bród i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 1983. Ó shin i leith, tá Bród Bhaile Átha Cliath ag dul ó neart go neart,[8] seachas nach raibh Pharáid ó 1985 go 1992 agus bhí bearna eile nuair nach raibh ócáide Bród Átha Cliath. Mar dheal ar seo, is Bród na Gaillimhe an ócaid is faide a raibh leantach[9], le 35 bhliain anuas.
Athchóiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé mar aidhm ag David Norris (a bhí tofa mar sheanadóir níos déanaí sa bhliain 1987) agus an t-abhcóide agus seanadóir Mary Robinson cosaint bhunreachtúil a bhaint amach do homaighnéasaigh na tíre.[10] Ach theip ar a gcás cúirte sa bhliain 1983 in aghaidh an stáit. De réir mar a mhínigh an Príomh-Bhreitheamh Tom O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[11].
Mar thoradh ar sin, dhírigh Norris agus Robinson, ar Éirinn a thabhairt go dtí an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) sa bhliain 1988. Ar an 26 Deireadh Fómhair 1988, sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg, sa chás NORRIS v. IRELAND, thug an chúirt breithiúnas cinniúnach i bhfabhar cearta daoine aeracha agus leispiacha.[12] D’aontaigh an ECHR leis agus le Robinson nuair a mhaígh siad nach raibh de cheart ag Éirinn dlíthe in aghaidh lucht LADT a chur i bhfeidhm.
Aisghaireadh na dlíthe a lochtaigh an breithiúnas cúig bliana ina dhiaidh sin in 1993.
Daoine Aithnidiúil Aite i Stair na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oscar Wilde
Ceann de na scríbhneorí is tábhachtach sa 19ú aois, fear aite a bhí Oscar Wilde. Tá a fhios againn í seo mar cuireadh Oscar i bpríosúin taréis gaoil a bheith aige le fir aeracha eile. [13]
Elizabeth Farrell agus Síle Grennan
Cúiréirí a bhí an bheirt acu i nÉirí Amach na Cásca 1916[14]. Bog siad armlóin thart ar son Arm Catharta na hÉireann, ach bhíodor baill Cumann na mBan freisin agus den grúpa Inghinidhe na hÉireann roimhe sin. Ba Farrell a thug an fógra géilleadh ó Pádraig Mac Phiarais. Dar leis an staraí Mary McAuliffe, is dócha gur cúpla a bhí iontu. Caith siad an chuid eile den saoil le chéile taréis cúrsaí 1916. Tá siad adhlachta i núirleachas Glas Naoin faoi leac uaighe a deirtear: "Elizabeth Farrell len a comradaí dhílis, agus a chara le fada, Síle Grennan."[15] Ar an bhfógra bás d'Elizabeth, tá Síle curtha sa suíomh a raibh úsáidte de gnáth do pháirtnéir.
Kathleen Lynn agus Madeleine Ffrench-Mullen
Bhí an bheirt bean seo ina chónaí le chéíle i nRath Maoinas ó 1919 sula fuair Ffrench-Mullen bás i n1944[16]. Banaltraí a bhí iontu le nArm Catharta na hÉireann i rith Éirí Amach na Cásca. Cuirthú i bPríosúin Chill Mhaigneann mar dheal ar seo. Bogadh Lynn go Phríosúin Mhuinseo 10 lá i Cill Mhaighneann.
Thaispeáintear i ndialann a bhí ag Lynn comh gar is a bhí an bheirt acu. Seachais go raibh Muinseo i bhfad níos compórdach, scríobh Lynn ag an am gur bhfearr léithi a bheith i Cill Mhaighneann le Ffrench-Mullen. Chomh maith leis sin, táimid in ann eolas a fháil ó rudáí a bhí ráite ag a chamradaí agus a chairde. Mar shampla, i ndialann Rosamund Jacob - gníomhaí eile le Cumann na mBan - tá sliocht faoi cumarsáide le Hanna Sheehy-Skeffington nuair a chuir Skeffington ceist uirthi an raibh sí mar Lynn agus Ffrench-Mullen; nach raibh úsáid ar bith acu do fir[17].
Máighréad Ní Scinideora
Bhí Ní Scinideora ar fiannas i nÉirí Amach na Cásca le hArm Catharta na hÉireann mar snípéir[18]. Ba í an t-aon bhean a bhí gonta ar an lá. Dúirt sí go raibh an cheart chéanna ag na mban fulaingt ar son saoirse na hÉireann mar go raibh mná agus fir ar cothrom na féinne i forógra Phoblacht na hÉireann. Sa hAlbain a rugadh í, ach caith sí an chuid is mó den saol i nÉirinn. Rinne sí a lán gníomhaíocht mar poblachtánach sóisialach agus mar feimineach. Múinteor a bhí inti freisin. Thug sí teoireanta don seiceadóir a ndialanna a chuir faoi tine chuin a saol pearsanta a cosaint. Is dócha gur cúis mór anseo ná an gaol a bhí aici le Nora O'Keefe. Bhí an bheirt acu in a chónaí le chéile sula fuair O'Keefe bás i 1971[19].
Helena Molony
Gníomhaí radacach a bhí Molony, agus rúnaí do Seamus Ó Chonghaile ar feadh roinnt blianta.[20] Bunadh Molony agus feiminí eile leis an ngrúpa Inghinidhe na hÉireann an pháipéir "Bean na hÉireann". Cé nach raibh saol fada ag an pháipéir seo, bhí tionchar mór ar na ngluaiseachta náisiúnta agus feimineach. Is an pháipéir seo a tarraing Constance Markiviecz isteach ar an gluaiseacht poblachtánach. Bhí Molony an chéád bhean a bheith in a bpríosúinach pholaitaiciúl sa glúin sin nuair théis caitheadh cloich ar portráid Rí na mBreataine i rith cuairt ríoga. Chomh maith leis sin, bhí sí i bhfiannas i nÉirí Amach na Cásca le hArm Catharta na hÉireann, páriteach den ionsú ar Caisleáin Bhaile Átha Cliath. Gabh saighdúir na mBreataine Molony i Halla na Cathrach, agus cuireadh í i Cill Mhaighneann. Ó na 1940aí go 1967, bhí sí in a chónaí le Evelyn O'Brien. Nuair a fuair O'Brien bás, dóigh a clainne na páipéar pearsanta ar fad a bhí aici. Seans maith, mar le cás Ní Scinideora, gur cúis mór ná an gaol a bhí acu. Ceapann an staraí Marie Mulholland go raibh Molony déghnéasach[21]. Bhí roinnt gaoil aici le fir, ach caith sí tamaill an-fada le O'Brien.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Eolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Brian Lacey, Terrible Queer Creatures: Homosexuality in Irish History, Wordwell, 2008[22]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ museum.ie (26 Feabhra 2021). "Féile de stair lucht LADTI á cheiliúradh ag institiúídí cultúrtha na hÉireann i mí | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (ga). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2023-07-25.
- ↑ 2.0 2.1 Seán Ó Dubhchon (2023-07-20). "'Ní raibh bac ar bith ar an homaighnéasacht in Éirinn roimh an bPlandáil'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-25.
- ↑ Paul Johnson (2019-10). "Buggery and Parliament, 1533–2017" (as en). Parliamentary History 38 (3): 325–341. doi: . ISSN 0264-2824.
- ↑ "Buggery Act 1533 as passed in England" (as en) (2023-07-24). Wikipedia.
- ↑ "John Atherton" (as en) (2023-06-19). Wikipedia.
- ↑ Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Eoin P. Ó Murchú (8 Deireadh Fómhair 2021). "Go raibh a thuilleadh seónna iontacha Gaeilge mar seo againn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
- ↑ "Bród Átha Cliath" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-06-25.
- ↑ Galway Advertiser, Thu, Aug 21, 2014. "Galway celebrates longest running gay pride festival in Ireland". Galway Advertiser. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ Seán Mac Risteaird (28 Meitheamh 2018). "An pobal LADT+ faoi bhláth in Éirinn ach obair mhór fós le déanamh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.
- ↑ "Norris v. A.G., [1983 IESC 3 | Supreme Court of Ireland, Judgment, Law, casemine.com]" (en). https://www.casemine.com. Dáta rochtana: 2022-06-26.
- ↑ human dignity trust. "Norris v. Ireland". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ "Oscar Wilde is sent to prison for indecency" (en). HISTORY. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ "You are being redirected...". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ Ciara Mc Grattan (2016-03-22). "The hidden histories of queer women of the Easter rising" (en). GCN. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ Ciara Mc Grattan (2016-03-22). "The hidden histories of queer women of the Easter rising" (en). GCN. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ "Who were Ireland's queer revolutionaries?" (as en) (2023-06-21).
- ↑ "Máighréad Ní Scinideora". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ Ciara Mc Grattan (2016-03-22). "The hidden histories of queer women of the Easter rising" (en). GCN. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ "You are being redirected...". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ Ciara Mc Grattan (2016-03-22). "The hidden histories of queer women of the Easter rising" (en). GCN. Dáta rochtana: 2024-11-08.
- ↑ "Outing the Irish LGBT past, telling the truth to the present at New York Irish Center" (en). IrishCentral.com (2019-02-15). Dáta rochtana: 2023-07-25.