An difríocht idir athruithe ar: "William Ramsay"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 15: Líne 15:
[[Ceimiceoir]] [[Albain|Albanach]] ab ea an Ridire '''William Ramsay''' ([[2 Deireadh Fómhair]] [[1852]] – [[23 Iúil]] [[1916]]).
[[Ceimiceoir]] [[Albain|Albanach]] ab ea an Ridire '''William Ramsay''' ([[2 Deireadh Fómhair]] [[1852]] – [[23 Iúil]] [[1916]]).

Bhain sé clú amach mar gheall ar a chuid oibre ar na triathgháis. I gcomhar leis an Tiama Rayleigh, d'fhionn sé an dúil argón i 1894. D'aithin sé na dúile héiliam, neon, crioptón is xeanón, agus thomhais a n-airíonna. D'aimsigh sé [[argón]] (1894), [[héiliam]] (1895), [[neon]] (1898), [[criptón]] (1898), agus [[xeanón]] (1898).

Bhuaigh sé [[Duais Nobel|Duais Nóbel]] na ceimice i 1904.
Bhuaigh sé [[Duais Nobel|Duais Nóbel]] na ceimice i 1904.

Leagan ó 15:52, 23 Iúil 2017

Teimpléad:Bosca Sonraí Eolaí

Ceimiceoir Albanach ab ea an Ridire William Ramsay (2 Deireadh Fómhair 185223 Iúil 1916).

Bhain sé clú amach mar gheall ar a chuid oibre ar na triathgháis. I gcomhar leis an Tiama Rayleigh, d'fhionn sé an dúil argón i 1894. D'aithin sé na dúile héiliam, neon, crioptón is xeanón, agus thomhais sé a n-airíonna. D'aimsigh sé argón (1894), héiliam (1895), neon (1898), criptón (1898), agus xeanón (1898).

Bhuaigh sé Duais Nóbel na ceimice i 1904.

Saol

Rugadh i nGlaschú é, mac le William Ramsay, C.E. agus le Catherine Ramsay (a rugadh mar Robertson). Ba nia é don gheolaí An Ridire Andrew Ramsay.

Rinne Ramsay a chuid staidéir in Ollscoil Ghlascú faoi Thomas Anderson agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí Ollscoil Tübingen sa Gearmáine, áit ar scríobh sé tráchtas dochtúireachta dar theideal “Investigations in the Toluic and Nitrotoluic Acids”.

Ramsay ag obair

D'fhill Ramsay ar Ghlaschú mar chúntóir ag Anderson i gColáiste Anderson. Ceapadh é ina Ollamh le ceimic in Ollscoil Bhristó i 1879.

Phós sé Margaret Buchanan sa bhliain 1881, an bhliain chéanna ar ceapadh é mar 'Phríomhoide' nó 'Cheannaire' ar Ollscoil Bhristó. Lean sé air ag déanamh taighde ar cheimic orgánach agus ar na triathgháis.

I 1887 tháinig sé i gcomharbas ar Alexander Williamson mar 'Chathaoirleach na Ceimice' i gColáiste na hOllscoile i Londain.

Fuair sé bás in High Wycombe, Buckinghamshire, i 1916.