An difríocht idir athruithe ar: "Comhar"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q5151720 (translate me)
Líne 156: Líne 156:


[[Catagóir:Irispháipéair]]
[[Catagóir:Irispháipéair]]

[[en:Comhar]]

Leagan ó 10:18, 9 Márta 2013

Iris mhíosúil Ghaeilge í Comhar a bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha inti.

Stair agus ábhar

Bhunaigh An Comhchaidreamh, dream idir-ollscoile, Comhar sa bhliain 1942.[1] Comhlacht carthanachta (uimhir 47559) gan scaireanna atá ann.[2] Fáiltionn an iris roimh scríbhneoirí nua Gaeilge agus tá sí dírithe i gconai ar léitheoirí oilte. Ba é Breandán Ó hEithir t-eagarthoir is mó iomrá, agus i measc na scríbhneoirí aitheanta a bhfuil a shaothar le fail inti tá Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley agus Seán Mac Mathúna. Foilsíonn Comhar roinnt leabhar freisin.

I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí Comhar a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.[3]

Is í Aifric Mac Aodha eagarthóir na hirise faoi láthair, agus is é Seán Tadhg Ó Gairbhí an t-eagarthóir cúnta.

Eagarthóirí

1942
  • Seán Ó Buachalla, Máirtín Ó Flathartaigh, Tomás Ó Floinn, Tomás de Bhaldraithe, Séamus Ó Néill, Dáithí Ó hUaithne, Seán Mac Réamoinn, Proinsias Mac Cana, Caoimhín Ó Góilidhe, Helen Beaumont, Mícheál Ó Cíosóig
1952
  • Riobard Mac Góráin, Gearóid Mac Niocaill, Mícheál Ó Riain, Eibhlín Ní Bhriain, Breandán Ó hEithir
1962
  • Breandán Ó hEithir (1960-1963; 1965-1966), Caoimhín Ó Marcaigh, Eoghan Ó hAnluain, Mícheál Ó hUanacháin, Piaras Ó Gaora
1972
  • Seán Ó hÉalaithe, Dáithí Ó hÓgain, Cathal Mac Giolla Coille, Treasa Ní Ógáin, Rhoda Uí Chonaire, Proinnseas Ní Dhorcaí, Anna Heussaff
1982
  • Caoilfhionn Nic Pháidín, Mícheál Ó Cearúil, Seosamh Ó Murchú, Éamonn Ó Dónaill
1992
  • Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin
  • Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
  • Eagarthóir Liteartha: Siobhán Ní Fhoghlú (Eanáir-Iúil); Gréagóir Ó Dúill (Lúnasa-Nollaig)
1993/1994
  • Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin
  • Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
  • Eagarthóir Liteartha: Gréagóir Ó Dúill
1995
  • Eagarthóir: Tomás Mac Síomóin (Eanáir-Meán Fómhair); Vivian Uíbh Eachach (Feabhra-Nollaig)
  • Fo-eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach (Eanáir)
  • Eagarthóir Liteartha: Gréagóir Ó Dúill (Eanáir-Meán Fómhair); Liam Prút (Deireadh Fómhair-Nollaig)
1996/1997
  • Eagarthóir: Vivian Uíbh Eachach
  • Eagarthóir Liteartha: Liam Prút
1998 ;
  • Eagarthóir: Pól Ó Muirí (Eanáir-Iúil, Meán Fómhair-Samhain); Antain Mac Lochlainn (aoi-eagarthóir, Lúnasa); (eagarthóir, Nollaig)
  • Eagarthóir Liteartha: Antain Mac Lochlainn (Samhain)
1999
  • Eagarthóir: Antain Mac Lochlainn
2000
  • Eagarthóir: Antain Mac Lochlainn (Eanáir-Márta); Vivian Uíbh Eachach (Aibreán); Alex Hijmans (Bealtaine-Nollaig)
2001
  • Eagarthóir: Alex Hijmans (Eanáir-Meitheamh); Úna Ní Chonchúir (Iúil/Lúnasa-Nollaig)
2002
  • Eagarthóir: Úna Ní Chonchúir (Eanáir-Meán Fómhair); Mícheál Ó hUanacháin (Deireadh Fómhair-Nollaig)
2003-2007
  • Eagarthóir: Mícheál Ó hUanacháin
2008
  • Níor foilsíodh an iris: Eanáir-Meán Fómhair 2008
  • Eagarthóir: Aindrias Ó Cathasaigh (Deireadh Fómhair-Samhain); Pól Ó Muirí (Nollaig)
2009-2010
  • Eagarthóir: Pól Ó Muirí; Ríona Nic Congáil (aoi-eagarthóir, Meán Fómhair)
2011
  • Eagarthóir: Ian Ó Caoimh
  • Eagarthóir Liteartha: Aifric Mac Aodha
2012
  • Eagarthóir: Ian Ó Caoimh (Eanáir-Márta); Aifric Mac Aodha (Aibreán-anois)
  • Eagarthóir Liteartha: Aifric Mac Aodha (Eanáir-Márta)
  • Eagarthóir Cúnta: Seán Tadhg Ó Gairbhí

LeabhairCOMHAR

Athbhunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta a bhain le COMHAR, inphrionta "LeabhairCOMHAR" sa bhliain 2010 chun nualitríocht na Gaeilge a fhorbairt. Tá sí mar aidhm ag an gcomhlacht ó thús, scríbhneoirí úra a earcú agus a chothú ar bhonn leanúnach. Tá breis is 45 leabhar foilsithe ag "LeabhairCOMHAR" ó thús ama. Cuireann"LeabhairCOMHAR" réimse leathan leabhar ar fáil idir leabhair staire, beathaisnéisí acadúla agus úrscéalta do dhaoine fásta. Tá sé cinn de shraitheanna á bhforbairt ag "Leabhair COMHAR" faoi láthair mar a leanas:

  • GUTH NUA (fiscean do dhaoine fásta atá scríofa ag scríbhneoirí nua);
  • DORAS FEASA (leabhair stairiúla agus fhaisnéise);
  • AN SAOL ÓG (leabhair pictiúr agus litríocht do pháiste);
  • SAOL AGUS SAOTHAIR (beathaisnéisí acadúla);
  • TÉAD NA FILÍOCHTA (cnuasaigh théamacha d’fhilíocht ó údair aitheanta) agus
  • FOGHLAIMEOIR FÁSTA (úrscéalta do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge).

Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an Siopa Leabhar ar líne ar an leathanach gréasáin www.iriscomhar.com le feiceáil go bhfuil neart leabhar ar fáil a bhféadfaí úsáid a bhaint astu sa seomra ranga nó leas a bhaint astu chun suim daoine óga a mhúscailt sa léitheoireacht.

Foghlaimeoir Fásta

  • An Gaeilgeoir Grámhar le hAlan Desmond, 2011.
  • Samhradh an Chéasta le Catherine Foley, 2010.
  • An Foghlaimeoir Fásta le Alan Desmond, 2006.
  • Croí na Ceiste le Pól Ní Muirí, 2007 (as cló).
  • Gaeilge agus Grá le Alan Desmond, 2007 (as cló).
  • Míle Murdar! le Mícheál Ó Ruairc, 2005.
  • Paloma le Pól Ó Muirí, 2000 (2002) (as cló).
  • Sorcha sa Ghailearaí le Catherine Foley, 2005 (as cló).
  • Teach na ngColúr le hAisling Ní Leidhin agus Liam Mac Amhlaigh, 2006 (2010).
  • Teifeach le Pól Ó Muirí, 2002 (2005).

Leabhar a foilsíodh idir 2010 agus 2012

  • Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg le Ríona Nic Congáil as an tsraith AN SAOL ÓG, 2012.
  • An Ghaeilge i gCéin: Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta curtha in eagar ag Siúin Ní Dhuinn as an tsraith GUTH NUA, 2011.
  • Annála le Gréagóir Ó Dúill as an tsraith TÉAD NA FILÍOCHTA, 2011.
  • Saol an Mhadra Bháin le Ríona Nic Congáil as an tsraith AN SAOL ÓG, 2011.
  • Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a’ Bhaird as an tsraith GUTH NUA, 2010.
  • Uachtaráin na hÉireann le hEithne Nic Eoin, 2010.

Leabhair a foilsíodh roimh 2010

  • An bhfaca tú Dracula? Dialann Thrasalvánach le hAodh Ó Canainn, 1997 (as cló).
  • An Cailín Rua le Catherine Foley, 2004.
  • An Chaint sa tSráidbhaile curtha in eagar ag Caoilfhionn Nic Pháidín, 1991 (as cló).
  • An dá Mháirtín le Diarmaid Ó Gráinne, 1990.
  • An Deoir sa Bhuidéal le S.E. Ó Cearbhaill, 1998.
  • An Ród seo Romham le Liam Mac Uistín 2006.
  • An Spealadóir Polannach le Peter Huchel, 1994.
  • An Stad – Croí na hAthbheochana le Seán Ó Cearnaigh, 1993.
  • Ar Bhruach na Laoi le Liam Ó Muirthile, 1995 (as cló).
  • Bás i mBaile an Ghorta le Mícheál Ó Ruairc, 2003 (as cló).
  • Bás san Oirthear le Lorcán S. Ó Treasaigh, 1992.
  • Bean Athbheochana le Mairéad Ní Chinnéide, 1993.
  • Brocairí Bhedlington agus Scéalta Eile le Gearailt Mac Eoin, 1996.
  • Caithfear Éisteacht! le Liam Prút, 1999.
  • Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn curtha in eagar ag Liam Prút, 1997.
  • Clann na nÉan / Ríocht na Cailce le Gabriel Rosenstock, 2005 (as cló).
  • Comhar: Innéacs 50 bliain le Máire de Grás, 1992 (as cló).
  • Dlíthe an Nádúir le Pól Ó Muirí, 2001 (as cló).
  • Géaga Trí Thine le Gabriel Rosenstock, 2006 (as cló).
  • Ó Chómhargadh go hAontas le Maolmhaodhóg Ó Ruairc, 1994.
  • Oileán Rúin agus Muir an Dáin le Micheál Mac Craith, 1993.
  • Plumaí le Liam Prút, 1997.
  • Pónairí ar Thósta: Dialann Mic Léinn Ollscoile le Mícheál Ó Ruairc, 2007.
  • Ríomh-Scéalta chuig Bilí le Liam Mac Uistín 2007 (2010).
  • Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 le Seán Ó Cearnaigh, 1995.
  • Seal sa Pholainn le Alan Desmond, 2007.
  • Seán agus a Chamán le Pádraig ó Giollagáin agus Mike McCarty, 2001 (as cló).
  • Seo Linn go Tóiceo le hIarla Mac Aodha Bhuí, 2000.
  • Tréigean na Cúise le hIarla Mac Aodha Bhuí, 1999.
  • Trasna na dTonnta le Mícheál Ó Ruairc, 2001 (as cló).
  • Trioblóid (leabhar agus dlúth-dhiosca) le Colmán Ó Drisceoil, 2005 (as cló).
  • Turas in Éadan na Gaoithe le Peter Hartling/Aistrithe go Gaeilge ag Máire Mhic Eoin, 2002 (as cló).

Tagairtí

Féach freisin

Naisc sheachtracha