An difríocht idir athruithe ar: "Caeisiam"
m r2.7.3) (Robot: Modifying it:Cesio (elemento) to it:Cesio (elemento chimico) |
m r2.6.5) (róbat ag suimiú: pa:ਸੀਜ਼ੀਅਮ |
||
Líne 91: | Líne 91: | ||
[[no:Cesium]] |
[[no:Cesium]] |
||
[[oc:Cèsi]] |
[[oc:Cèsi]] |
||
[[pa:ਸੀਜ਼ੀਅਮ]] |
|||
[[pl:Cez]] |
[[pl:Cez]] |
||
[[pnb:سیزیم]] |
[[pnb:سیزیم]] |
Leagan ó 20:24, 9 Feabhra 2013
Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Is é an caeisiam dúil uimhir a 55, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Cs. Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal é a bhfanann loinnir an airgid ghil ann a fhad is nach dtagann sé i dteagmháil le hocsaigin an aeir. Tá imoibriú an chaeisiam leis an uisce, arís, níos feiceálaí agus níos fíochmhaire ná an t-imoibriú céanna ag na miotail alcaileacha níos éadroime ná é - le fírinne, tá an caeisiam in ann an t-imoibriú seo a dhéanamh leis an oighear féin má tá an teocht níos airde ná -116 °C.
Is minic a shíltear go bhfuil an caeisiam radaighníomhach, ó scaipeadh iseatóp radaighníomhach na dúile seo timpeall na hEorpa i ndiaidh thubaiste Chernobyl. Le fírinne, áfach, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra ná 133Cs, agus is iseatóp cobhsaí é. Na hiseatóip radaighníomhacha atá ag an gcaeisiam, ní mór iad a ghineadh go saorga. Scéal eile ar fad is ea é go bhfuil 134Cs ar ceann de na núiclídí is tábhachtaí leis an truailliú i dtimpeallacht na stáisiún adamhach cumhachta a thomhas.
Má chuirtear salann caeisiam trí thine, aithneofar an caeisiam ar an lasair ghorm. Sin é an tuige go dtugtar "caeisiam" ar an dúil seo, nó is focal Laidine é caesius a chiallaíonn "gealghorm" nó "spéirghorm".
Is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcaeisiam ina chuid comhdhúl ná +1, ar ndóigh. Tugann tuairiscí áirithe le fios, áfach, go bhfuil an fluairín inniúil ar an gcaeisiam a ocsaídiú go huimhreacha níos airde fós.