An difríocht idir athruithe ar: "Cailciam"
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 26: | Líne 26: | ||
Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcailciam sa chuid is mó de na comhdhúile ná +2, cé gur tháinig na ceimiceoirí ar chúpla comhdhúil ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +1 aige. Salainn nó comhdhúile ianacha iad na comhdhúile cailciam, agus bíonn úsáid phraiticiúil iontu go minic. |
Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcailciam sa chuid is mó de na comhdhúile ná +2, cé gur tháinig na ceimiceoirí ar chúpla comhdhúil ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +1 aige. Salainn nó comhdhúile ianacha iad na comhdhúile cailciam, agus bíonn úsáid phraiticiúil iontu go minic. |
||
* Úsáidtear an charbónáit chailciam CaCO<sub>3</sub> i ndéantús na soiminte agus an mhoirtéil, mar shampla |
* Úsáidtear an charbónáit chailciam CaCO<sub>3</sub> i ndéantús na soiminte agus an mhoirtéil, mar shampla. |
||
* Is féidir tuaslagán na hiodrocsaíde cailciam Ca(OH)<sub>2</sub> a úsáid leis an dé-ocsaíd charbóin a aithint san uisce. |
* Is féidir tuaslagán na hiodrocsaíde cailciam Ca(OH)<sub>2</sub> a úsáid leis an dé-ocsaíd charbóin a aithint san uisce. |
||
* Úsáidtear an arsanáit chailciam Ca<sub>3</sub>(AsO<sub>4</sub>)<sub>2</sub> mar fheithidnimh. |
* Úsáidtear an arsanáit chailciam Ca<sub>3</sub>(AsO<sub>4</sub>)<sub>2</sub> mar fheithidnimh. |
Leagan ó 19:45, 15 Eanáir 2012
Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais
Is é an cailciam dúil cheimiceach uimhir 20. Is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ca. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é, agus mar sin, is miotal réasúnta bog é - níl sé chomh bog leis an luaidh, ach is féidir é a ghearradh le scian. Tá sé ar an gcúigiú dúil is líonmhaire i screamh an Domhain, de réir na maise. Tá an cailciam ar an gcúigiú hian is coitianta dá bhfuil tuaslagtha in uisce na bhfarraigí, de réir na mólarachta agus na maise i ndiaidh an tsóidiam Na+, na clóiríde Cl-, an mhaignéisiam Mg2+ agus na sulfáite SO42-.
Riachtanas é an cailciam (nó an t-ian cailciam Ca2+) do na beothaigh, go háirithe i bhfiseolaíocht na gceall, nó nuair a bhíonn na hiain chailciam ag bogadh isteach nó amach as cíteaplasma na cille, is comhartha tábhachtach é dá lán de na próisis a bhíonn ar siúl sa chill. Cailciam atá i gcuid mhaith de na cnámha freisin.
Miotal imoibríoch é an cailciam, is é sin, is dual dó dul i gcomhdhúile leis na dúile eile go réidh, agus mar sin, ní mór dul i dtuilleamaí leictrealú leis an gcailciam miotalach a bhaint as na salainn chailciam. Tiocfaidh brat ocsaíde ar an gcailciam go sciobtha má chuirtear i dteagmháil leis an aer é. Is féidir é a chur trí thine fosta, ach ní ghlacfaidh smutáin mhóra chailciam tine go furasta, ach nuair a rachaidh an lasair ann, beidh sé á dhó agus bladhaire geal flannbhuí nó deargbhuí as.
Imoibreoidh an miotal leis an uisce, ionas go saorfaidh sé móilíní hidrigine H2 as agus é féin ag dul isteach i bhfoirm ian Ca2+. Arís, áfach, bíonn an t-imoibriúchán seo mall go leor ag teacht i gcrann más smután mór cailciam atá i gceist, ó thagann brat hiodrocsaíde Ca(OH)2 idir an miotal agus an t-uisce, agus níl an hiodrocsaíd seo sothuaslagtha san uisce. Má chuirtear púdar cailciam san uisce, áfach, beidh an t-imoibriúchán i bhfad níos fíochmhaire.
Bíonn na salainn chailciam sothuaslagtha san uisce. Is eisceachtaí iad an hiodrocsaíd (an t-aol teilgthe), an tsulfáit CaSO4 (an gipseam), an charbónáit CaCO3 (an aolchloch) agus na fosfáití.
Tá ceithre iseatóp cobhsaí ag an gcailciam, mar atá, cailciam 40 (96.941 % de chailciam an dúlra), cailciam a 42 (0.647 %), cailciam a 43 (0.135 %), agus cailciam a 44 (2.086 %). Thairis sin, tá dhá iseatóp nádúrtha radaighníomhacha ann, agus iad chomh fadsaolach is gur féidir neamhshuim a dhéanamh den radaighníomhaíocht sin: cailciam a 46 (0.004 %) agus cailciam a 48 (0.187 %). Tá iarsmaí de chailciam a 41 sa dúlra freisin. Is iseatóp cosmaigineach é, is é sin, is í an radaíocht chosmach (an radaíocht ón spás) a chruthaíonn é: nuair a bhuaileann na neodróin ón spás faoi núicléis chailciam 40, faightear cailciam a 41. Iseatóp radaighníomhach é, agus é 103,000 bliain ar leathré.
Tá fiche neodrón agus fiche prótón i núicléas chailciam 40, agus is í an núiclíd chobhsaí is troime a bhfuil an líon céanna neodrón agus prótón inti.
Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcailciam sa chuid is mó de na comhdhúile ná +2, cé gur tháinig na ceimiceoirí ar chúpla comhdhúil ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +1 aige. Salainn nó comhdhúile ianacha iad na comhdhúile cailciam, agus bíonn úsáid phraiticiúil iontu go minic.
- Úsáidtear an charbónáit chailciam CaCO3 i ndéantús na soiminte agus an mhoirtéil, mar shampla.
- Is féidir tuaslagán na hiodrocsaíde cailciam Ca(OH)2 a úsáid leis an dé-ocsaíd charbóin a aithint san uisce.
- Úsáidtear an arsanáit chailciam Ca3(AsO4)2 mar fheithidnimh.
- Is í an chairbíd chailciam CaC2 amhábhar na haicéitiléine (na heitíne) a úsáidtear i dtáthú na miotal.
- Cuirtear clóiríd chailciam CaCl2 ar na bóithre leis an leac oighir a ghlanadh díobh.