An difríocht idir athruithe ar: "Micheál Ó Domhnaill"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m wikify
m Catagóir
Líne 5: Líne 5:
Fuair sé bás ar an [[7 Iúil]] [[2006]].
Fuair sé bás ar an [[7 Iúil]] [[2006]].


[[Catagóir:Ceoltóirí Éireannacha]]
[[Catagóir:Ceoltóirí Éireannacha|O Domhnaill, Mícheál]]


[[en:Mícheál Ó Domhnaill]]
[[en:Mícheál Ó Domhnaill]]

Leagan ó 20:23, 31 Lúnasa 2006

Micheál Ó Domhnaill (1952-2006) Ceoltóir. Rugadh é i gContae na Mí ar an 7 Deireadh Fómhair 1952. Bhí a athair, Aodh Ó Domhnaill, as Rann na Feirste i dTír Chonaill, agus d'fhoghlaim sé go leor de thraidisiún ceoil a shinsir agus é ina ghasúr.

Bhí dúil mhór sa spórt aige i gcónaí agus d'imir sé peil do Chontae na Mí mar mhionúr, ach díbríodh é as a bheith ag imirt rugbaí chomh maith nuair a bhí toirmeasc ar a leithéid. Bronnadh giotár air nuair a bhí sé tinn san ospidéal agus é dhá bhliain déag d'aois agus bhain sé ardscil amach san uirlis sin. Thosaigh sé ag seinm leis an ngrúpa Skara Brae (Mícheál Ó Domhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule agus Maighréad Ní Dhomhnaill) nuair a bhí sé fiche bliain d'aois agus bhí baint aige féin agus ag a dheirfiúracha Tríona agus Maighréad le grúpaí cáiliúla eile ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin. Bhí sé ina bhall bunaidh de The Bothy Band i 1974 agus ardcháil air ar son a chuid amhránaíochta agus a chuid ceoil ar an ngiotár. Chuaigh sé leis an ngrúpa Relativity ar feadh tamaill sna hochtóidí. Rinne sé an-chuid taighde ar amhráin dhúchais a mhuintire, go háirithe lena aintín Neilí Ní Dhomhnaill, agus ar amhráin na hAlban agus Shasana.

Fuair sé bás ar an 7 Iúil 2006.