An difríocht idir athruithe ar: "An Bhulgáiris"
m róbat ag mionathrú: nn:Bulgarsk |
m róbat ag mionathrú: sco:Bulgarian leid |
||
Líne 114: | Líne 114: | ||
[[ro:Limba bulgară]] |
[[ro:Limba bulgară]] |
||
[[ru:Болгарский язык]] |
[[ru:Болгарский язык]] |
||
[[sco: |
[[sco:Bulgarian leid]] |
||
[[se:Bulgáriagiella]] |
[[se:Bulgáriagiella]] |
||
[[sh:Bugarski jezik]] |
[[sh:Bugarski jezik]] |
Leagan ó 02:52, 29 Deireadh Fómhair 2010
Teimpléad:Teanga Teanga Shlavach í an Bhulgáiris, agus í an-difriúil leis an gcuid is mó de na teangacha Slavacha eile, ós rud é go bhfuil sí tar éis córas díochlaonta na n-ainmfhocal a chailleadh ina iomláine. San am céanna, choinnigh an Bhulgáiris na haimsirí a chuaigh i léig sa chuid eile de na teangacha Slavacha, agus forbraíodh tuilleadh acu faoi thionchar na Gréigise agus na dteangacha Balcánacha - tá infhilleadh na mbriathar i bhfad níos casta sa Bhulgáiris ná sna teangacha Slavacha eile, agus a lán aimsirí comhshuite ann. Ón taobh eile de, áfach, chuaigh infinideach an bhriathair i léig sa Bhulgáiris go hiomlán. Níl ach an Mhacadóinis cosúil leis an mBulgáiris ó thaobh na gramadaí de, ach ansin, is iomaí Bulgárach a deir nach bhfuil sa Mhacadóinis ach canúint Bulgáirise.
Is í an chéad teanga liteartha a bhí á saothrú ag na Bulgáraigh ná an tSean-Slaivis Eaglasta, a dtugtar Sean-Bhulgáiris uirthi chomh maith. Níos déanaí, go háirithe sa cheathrú haois déag, bhítí ag scríobh agus ag foilsiú téacsanna i Meán-Bhulgáiris, nach raibh ina teanga aonadach ar aon dóigh: ní raibh ann ach meascán den tSean-Slaivis Eaglasta agus de chaint na ndaoine, agus bhí a thuairim féin ag cách faoin dóigh cheart leis an dá chuid seo a mheascadh.
Tháinig an Nua-Bhulgáiris, a bhfuil a gramadach múnlaithe ar chaint na ndaoine, ar an bhfód sa 19ú haois. San am seo, áfach, bhí caint na ndaoine tar éis cuid mhór focal iasachta a fháil ón Tuircis, rud nár thaitin leis na Náisiúnaithe. Mar sin, tugadh isteach cuid mhór focal léannta ón tSean-Slaivis agus ón Rúisis féin sa teanga scríofa.
Is í an t-aon aibítir amháin a úsáidtear sa Bhulgáiris inniu ná an aibítir Choireallach. I ndiaidh leasú na haibítire sa bhliain 1945, nuair a caitheadh na litreacha úd ѣ /æː/ agus ѫ /ɔ̃/ i dtraipisí, is ionann litreacha na Bulgáirise agus na Rúisise. Scéal eile é, áfach, go bhfuil difríochtaí san fhuaimniú. Fuaimnítear Щ щ na Bulgáirise mar /ʃt/ ("sht" de réir litriú an Bhéarla), agus maidir leis an "gcomhartha crua" Ъ ъ /ɤ̞/, /ə/, nach bhfuil ann sa Rúisis ach comhartha a sheasann do theorainn idir dhá shiolla, fuaimnítear mar ghuta doiléir ("guta cúnta") é sa Bhulgáiris.
А а /a/ |
Б б /b/ |
В в /v/ |
Г г /g/ |
Д д /d/ |
Е е /ɛ/ |
Ж ж /ʒ/ |
З з /z/ |
И и /i/ |
Й й /j/ |
К к /k/ |
Л л /l/ |
М м /m/ |
Н н /n/ |
О о /ɔ/ |
П п /p/ |
Р р /r/ |
С с /s/ |
Т т /t/ |
У у /u/ |
Ф ф /f/ |
Х х /x/ |
Ц ц /ʦ/ |
Ч ч /tʃ/ |
Ш ш /ʃ/ |
Щ щ /ʃt/ |
Ъ ъ /ɤ̞/, /ə/ |
Ь ь /◌ʲ/ |
Ю ю /ju/ |
Я я /ja/ |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |