Sléacht Srebrenica

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataSléacht Srebrenica
Cogadh Boisniach

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcoir chogaidh, coireacht in aghaidh na daonnachta agus cinedhíothú
Dáta11 –  22 Iúil 1995
Comhordanáidí44°06′N 19°18′E / 44.1°N 19.3°E / 44.1; 19.3
ÁitSrebrenica
TírAn Bhoisnia-Heirseagaivéin
SpriocBosniaks (en) Aistrigh
Líon marbh8,372 Cuir in eagar ar Wikidata
RannpháirtitheArmy of Republika Srpska (en) Aistrigh

Tharla Sléacht Srebrenica, nó cinedhíothú ar Mhoslamaigh in oirthear Bhosnia (Boisniach: Masakr u Srebrenici; Genocid u Srebrenici) sa Bhoisnia-Heirseagaivéin) idir 11–22 Iúil 1995, an sléacht ba mheasa san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.. Dúnmharaíodh timpeall 8,370 duine, fir is buachaillí Moslamacha sa chuid is mó, ach páistí, mná agus fir aosta san áireamh. Tháinig ar bhreis is 7,000 corpán níos déanaí.[1][2]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhíbir Seirbiaigh Bosnia na mílte Moslamach amach as an tír idir 1992-1995. Cogadh fíochmhar, fuilteach, a bhí ann, a d’fhág os cionn 100,000 marbh. Moslamaigh, Crótaigh, Seirbiaigh. Na Moslamaigh ba mhó a d’fhulaing.[3]

ICMPː Podrinje Identification Project (PIP)

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Misean na Náisiún Aontaithe sa Bhoisnia-Heirseagaivéin faic chun an sléacht a stopadh.

D'ordaigh ceannasaí na bhfórsaí Seirbiacha sa Bhoisnia, Ratko Mladic, go marófaí suas le 8,000 fear agus buachaill Moslamach i Srebrenica.[4]

Chuidigh an Ginearál Seirbiach Bosniach, Zdravko Tolimir, leis an cheannasaí míleata Ratko Mladich mórshléacht Srebrenica a eagrú.[5]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh chun trialach Slobodan Milošević, Ratko Mladich, Zdravko Tolimir, Radovan Karadžić agus go leor eile sa Háig ar feadh na mblianta maidir le coireanna cogaidh.[6]

Iidir 1998 agus 1999, bhris cogadh amach idir arm na hIúgslaive agus Arm Saoirse na Cosaive (Moslamach) agus rinne ECAT buamáil ar Seirbia. Fógraíodh neamhspleáchas na Cosaive sa pharlaimint ar an 17 Feabhra 2008.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "ICMP Over 7,000 Srebrenica Victims have now been recovered". www.icmp.int. Dáta rochtana: 2020-07-11.
  2. Pat Butler (AIBREÁN 2006). "Slobodan Milosevic – Búistéir na mBalcán" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-06.
  3. "Cad is traenáil iriseoireachta ann ar aon nós? ‘Léargas’ ó Bhoisnia…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-11.
  4. Nuacht RTÉ (2017-11-22). "Ratko Mladic ciontaithe i gcinedhíothú sa Bhoisnia" (as ga). 
  5. RTÉ (2012-12-12). "Ceannlínte Nuachta" (as ga). 
  6. "Category:People convicted by the International Criminal Tribunal for the former Yugoslavia" (as en) (2020-06-24). Wikipedia.