Léigear Shairéavó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léigear Shairéavó
Léigear Shairéavó

Parlaimint na Boisnia trí thine le linn Léigear Shairéavó i 1992

Dáta: 2 Aibreán 199229 Feabhra 1996

(3 bliana, 10 mí, 3 seachtaine agus 3 lá)

Áit: Sairéavó, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Toradh: Sáinn gan réiteach
Céilí comhraic
Poblacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine
(1992–96)
Poblacht Chrótachna Heirseaga-Boisnia
(1992–96)

Tacaithe ag:
ECAT
(1994–96)

Poblacht Chónaidhme Sóisialach na hIúgslaive (1992)
Poblacht na Seirbia (Republika Srpska)
(1992–96)
Ceannasaithe
Alija Izetbegović

Hakija Turajlić
Sefer Halilović
Rasim Delić
Jovan Divjak
Dragan Vikić
Enver Hadžihasanović
Mustafa Hajrulahović
Vahid Karavelić
Nedžad Ajnadžić
Mušan "Caco" Topalović
Ismet "Ćelo" Bajramović
Jusuf "Juka" Prazina
Ramiz Delalić
Zaim Imamović
Vladimir Šaf
Ivan Vulić


Leighton W. Smith

Milutin Kukanjac
Slua
70,000 saighdiúir 13,000 saighdiúir
Taismigh
6,137 saighdiúir marbh 2,241 saighdiúir marbh

Tharla Léigear Shairéavó e linn an chogaidh san iar-Iúgslaiv, léigear a mhair ó mhí Aibreáin 1992 go mí Feabhra 1996..[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhris an Iúgslaiv suas, ba é Slobodan Milosevic a d’adaigh gríosach mharfach fuath na gcianta idir Seirbiaigh, Moslamaigh agus Crótaigh.An "Ridire Ceartchreideamhach Críostaí" ar chrosáid in aghaidh an Daoscarshlua Mhoslamaigh sa Bhoisnia, agus Eiricigh na Róimhe sa Chróit.[2]

dordveidhleadóir Vedran Smailović sa Leabharlann Náisiúnta, 1992

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneachán Kovači

Idir an 2-6 Aibreán 1992, chuir óglaigh Arm na Seirbia an chathair Shairéavó faoi léigear.[3] Ar an 5 Aibreán 1992, scriosadh an Sarajevo Oriental Institute; séideadh as a sheasamh breis is míle bliain den léann Moslamach. Níor leor gach Moslamach a mharú, chaithfí gach rian díobh is dá gcultúr "a ghlanadh".

Ba dhlúthchuid den chogadh sa Bhoisnia é léigear Shairéavó. Bhí an-chuid fuildhoirte ag baint leis an léigear.[4] Bhí Sairéavó faoi léigear ar feadh circa 1,425 lá agus maraíodh b'fhéidir 14,000 ar an dá thaobh.[5][2]

In Iúil 1995, tharla sléacht Srebrenica. I mí Lúnasa 1995 thosaigh buamáil de chuid ECAT; Más mall is mithid.

I mí na Samhna 1995, síníodh Comhaontú Dayton. Briseadh an léigear ar 29 Feabhra 1996.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "1988 - 2000 | Buaiteoirí | Duais Sakharov | Parlaimint na hEorpa" (ga). sakharovprize. Dáta rochtana: 2022-04-06.
  2. 2.0 2.1 Pat Butler (AIBREÁN 2006). "Slobodan Milosevic – Búistéir na mBalcán" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-06.
  3. europarl.europa.eu (2017). "Tríocha bliain de Dhuais Sakharov: an taispeántas ‘Cosnaíonn siad ár saoirsí’". Dáta rochtana: 2022.
  4. Eimear Nic Conmhaic (Eimear Connick) (2020). "‘San abhainn do léim bardán’: An Bheatha, an Bás agus an Teanga i bhFilíocht Choilm Bhreathnaigh". Dáta rochtana: 2022.
  5. "Siege of Sarajevo" (as en) (2022-04-05). Wikipedia.