Jump to content

Ratko Mladich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRatko Mladich

(1993) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(sr) Ратко Младић Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Márta 1943
Božanovići, An Bhoisnia-Heirseagaivéin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Lúnasa 2026
83 bliana d'aois
Hague Penitentiary Institution, An Ísiltír (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreNa Cogaí Iúgslavacha, an Cogadh Boisniach, Léigear Shairéavó agus Cinedhíothú Srebrenica
Gairmoifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1965 –  1996
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach na Seirbia Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSeirbis
Gairm mhíleata
GéillsinePoblacht Shóisialach Chónaidhme na hIúgsláive, Republic of Serbian Krajina (en) Aistrigh agus Republika Srpska (en) Aistrigh
Brainse míleataArm Phobal na hIúgslaive agus Arm Phoblacht Sheirbiach na Boisnia
Céim mhíleatacolonel general (en) Aistrigh
oifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCroatian War of Independence (en) Aistrigh, Battle of the Barracks (en) Aistrigh, Léigear Shairéavó, Operation Lukavac '93 (en) Aistrigh agus Cinedhíothú Srebrenica
Eile
Ciontaíodh icinedhíothú
coir chogaidh (2017)
→ (príosúnacht saoil) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Goodreads character: 56062 Cuir in eagar ar Wikidata

iarghinearál Seirbiach-Bhoisniach agus iarcheannasaí na bhfórsaí Seirbiacha sa Bhoisnia ab ea Ratko Mladic nó Mladich[1] (12 Márta 1942 - 27 Lúnasa 2026). É féin, iar-Uachtarán na hIúgslaive Slobodan Milošević agus an ceannaire Seirbiach-Bhoisniach Radovan Karadžić, is iad an triúr is mó atá luaite le coireanna in aghaidh na daonnachta sa Bhoisnia idir 1992 agus 1995.[2][3]

1992, i lár
Lucht leanúna de Mladich à Banja Luka, 2011
16 Bealtaine 2012
2016

D'ordaigh Mladic go marófaí suas le 8,000 fear agus buachaill Moslamach in ionaid éagsúla i gceantar Srebrenica - an sléacht ba mheasa san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.[4] Is amhlaidh a lámhachadh na daoine sin as éadan agus as fuil fhuar. Bhí Srebrenica in ainm a bheith ina limistéar sábháilte ag na Náisiúin Aontaithe ach níor mheá do shaighdiúirí Mladić an díorma beag saighdiúirí as an Ísiltír a bhí ar dualgas ann.

Bhí Mladić ar a theitheadh ar feadh deich mbliana sular gabhadh é sa tSeirbia in 2011.

faoi chinedhíothú, faoi choireanna in aghaidh na daonnachta agus faoi choireanna cogaidh.

Ar an 22 Samhain 2017, ciontaíodh Mladic faoi chinedhíothú, faoi choireanna in aghaidh na daonnachta, agus faoi choireanna cogaidh, ag An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv sa Háig. Gearradh téarma príosúnachta saoil ar Mladic. Bhí sé 74 bliain d'aois ag an am.[3]

Diúltaíodh an t-achomharc a rinne sé in 2021.

I bpríosúin bhain roinnt strócanna do Mladić agus fuair sé bás ar an 27 Lúnasa 2026 san ospidéal in ionad coinneála na Náisiún Aontaithe sa Háig. Bhí sé 84 bliain d'aois.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Coireallach: Ратко Младић
  2. ↑ Fuair Milošević bás sa Háig in 2006 agus bhí Karadžić ag cur téarma príosúin saoil isteach in HMP Parkhurst in Inis Iocht sna 2020idí
  3. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-08-27). "An coirpeach cogaidh Ratko Mladić tar éis bháis" (as ga-IE).
  4. ↑ nuacht RTÉ (2017-11-22). "Ratko Mladic ciontaithe i gcinedhíothú sa Bhoisnia" (as ga).