Ratko Mladich
(1993) | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (sr) Ратко Младић |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 12 Márta 1943 Božanovići, An Bhoisnia-Heirseagaivéin |
| Bás | 27 Lúnasa 2026 83 bliana d'aois Hague Penitentiary Institution, An Ísiltír (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Na Cogaí Iúgslavacha, an Cogadh Boisniach, Léigear Shairéavó agus Cinedhíothú Srebrenica |
| Gairm | oifigeach míleata |
| Tréimhse oibre | 1965 – 1996 |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach na Seirbia |
| Teangacha | An tSeirbis |
| Gairm mhíleata | |
| Géillsine | Poblacht Shóisialach Chónaidhme na hIúgsláive, Republic of Serbian Krajina (en) |
| Brainse míleata | Arm Phobal na hIúgslaive agus Arm Phoblacht Sheirbiach na Boisnia |
| Céim mhíleata | colonel general (en) oifigeach coitianta |
| Coinbhleacht | Croatian War of Independence (en) |
| Eile | |
| Ciontaíodh i | cinedhíothú coir chogaidh (2017) → (príosúnacht saoil) |
Gradam a fuarthas | |
iarghinearál Seirbiach-Bhoisniach agus iarcheannasaí na bhfórsaí Seirbiacha sa Bhoisnia ab ea Ratko Mladic nó Mladich[1] (12 Márta 1942 - 27 Lúnasa 2026). É féin, iar-Uachtarán na hIúgslaive Slobodan Milošević agus an ceannaire Seirbiach-Bhoisniach Radovan Karadžić, is iad an triúr is mó atá luaite le coireanna in aghaidh na daonnachta sa Bhoisnia idir 1992 agus 1995.[2][3]




Coireanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'ordaigh Mladic go marófaí suas le 8,000 fear agus buachaill Moslamach in ionaid éagsúla i gceantar Srebrenica - an sléacht ba mheasa san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.[4] Is amhlaidh a lámhachadh na daoine sin as éadan agus as fuil fhuar. Bhí Srebrenica in ainm a bheith ina limistéar sábháilte ag na Náisiúin Aontaithe ach níor mheá do shaighdiúirí Mladić an díorma beag saighdiúirí as an Ísiltír a bhí ar dualgas ann.
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Mladić ar a theitheadh ar feadh deich mbliana sular gabhadh é sa tSeirbia in 2011.
faoi chinedhíothú, faoi choireanna in aghaidh na daonnachta agus faoi choireanna cogaidh.
Ar an 22 Samhain 2017, ciontaíodh Mladic faoi chinedhíothú, faoi choireanna in aghaidh na daonnachta, agus faoi choireanna cogaidh, ag An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv sa Háig. Gearradh téarma príosúnachta saoil ar Mladic. Bhí sé 74 bliain d'aois ag an am.[3]
Diúltaíodh an t-achomharc a rinne sé in 2021.
I bpríosúin bhain roinnt strócanna do Mladić agus fuair sé bás ar an 27 Lúnasa 2026 san ospidéal in ionad coinneála na Náisiún Aontaithe sa Háig. Bhí sé 84 bliain d'aois.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Coireallach: Ратко Младић
- ↑ Fuair Milošević bás sa Háig in 2006 agus bhí Karadžić ag cur téarma príosúin saoil isteach in HMP Parkhurst in Inis Iocht sna 2020idí
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-08-27). "An coirpeach cogaidh Ratko Mladić tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ nuacht RTÉ (2017-11-22). "Ratko Mladic ciontaithe i gcinedhíothú sa Bhoisnia" (as ga).