Shakira
Amhránaí agus cumadóir amhrán Colómach is ea Shakira Isabel Mebarak Ripoll, (2 Feabhra, 1977 a rugadh í). Canann sí as Spáinnis agus as Béarla. Ba bhreitheamh í ar The Voice.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuidigh feidmeannach de chuid Sony Colombia (Ciro Vargas) léi conradh a fháil. Seoladh an chéad albam uaithi Magia (draíocht) sa bhliain 1991. Níor éirigh go maith leis an albam seo, agus níor éirigh go maith leis an dara halbam, Peligro, ach oiread. Rinneadh aisteoir teilifíse di ansin. D'fhill sí ar an gceol sa bhliain 1995 leis an albam Pies Descalzos agus ba é an t-albam sin a thuill cáil di. Tá breis is 50 milliún albam diolta aici anois.
Aisteoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí ról Luisa Maria aici sa telenovela El Oasis sa bhliain 1995. Bhí sí páirteach in eipeasóid de chuid Ugly Betty, "The Bahamas Triangle", i mí na Samhna 2009. Sa bhliain 2010 bhí sí páirteach in eipeasóid de chuid Wizards of Waverly Place.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Shakira ar an 2 Feabhra 1977 i mBarranquilla na Colóime. Is iad Nidya del Carmen Ripoll Torrado agus William Mebarak Chadid a tuismitheoirí.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Araibis, ciallaíonn Shakira "buíoch". Foirm bhaininscneach den ainm Shakir atá ann. Baisteadh an t-ainm Isabel uirthi in ómós do mháthair a hathar. Is sloinne Catalónach é Ripoll.
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Shakira agus Gerard Piqué, peileadóir, ina gcónaí le chéile idir 2011-2022[1], lánúin a rugadh ar an lá céanna, Shakira ar 2 Feabhra 1977 agus Gerard 10 mbliana níos déanaí, ar 2 Feabhra 1987. Tá beirt chlainne orthu, Milan agus Sasha.
Scar Shakira óna fear sa bhliain 2022.[2]
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Magia (1991)
- Peligro (1993)
- Pies Descalzos (1995)
- Dónde Están los Ladrones? (1998)
- Laundry Service (2001)
- Fijación Oral Vol. 1 (2005)
- Oral Fixation Vol. 2 (2005)
- She Wolf (2009)
- Sale el Sol (2010)
- Shakira (2014)
- El Dorado (2017)
Camchuairteanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tour Pies Descalzos (1996–1997)
- Tour Anfibio (2000)
- Tour of the Mongoose (2002–2003)
- Oral Fixation Tour (2006–2007)
- The Sun Comes Out World Tour (2010–2011)
- El Dorado World Tour (2018)
Scannánliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Teideal | Ról | Nótaí |
---|---|---|---|
1996 | El oasis | Luisa Maria | |
2001–09 | Saturday Night Live | Í féin | "Gerard Butler/Shakira" (35.4) "Alec Baldwin/Shakira" (31.8) "Derek Jeter/Shakira/Bubba Sparxxx" (27.7) |
2002 | Taina | Í féin | "Abuelo Knows Best" (2.8) |
2009 | Ugly Betty | Í féin | "The Bahamas Triangle" (4.8) |
2010 | Wizards of Waverly Place | Í féin | "Dude Looks Like Shakira" (3.12) |
2013-2014 | The Voice | Í féin | Sraith 4, 6 |
2014 | Dreamland | Í féin | Sraith 1, eipeasóid 3 |
2016 | Zootopia | Gazelle |
Gradaim agus ainmniúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 255 gradam buaite ag Shakira. Tá 584 ainmniúchán faighte aici.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Shakira Subtly Drops Ex Gerard Piqué's Name in New Song About Their Split" (en-us). Harper's BAZAAR (2023-01-12). Dáta rochtana: 2023-02-02.
- ↑ "Shakira revealed major reason she split with Pique in chat about ‘darkest time’" (en-gb). The Sun (2022-09-28). Dáta rochtana: 2023-02-02.