Seán Ó Siadhail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Siadhail
Beathaisnéis
Breith16 Eanáir 1950
Bás12 Lúnasa 2006
56 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríbhneoir Gaeilge as Chúige Uladh a bhí i Seán Ó Siadhail (1950-2006).[1][2] Foilsíodh seacht leabhar dá chuid ar meascán d’úrscéalta agus de ghearrscéalta iad. Bhuaigh gearrscéalta dá chuid duaiseanna i gcomórtais Oireachtais i 1988 agus 1995.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i nDoire Cholm Cille, i dTuaisceart Éireann, a rugadh Seán Ó Siadhail, an 16 Eanáir 1950. Ba ghréasaí a athair John, a d’éag in 2005, agus bhí a mháthair Nora Doherty, a mhaireann fós, ag obair i siopa báicéireachta. Tá ceathrar deirfiúracha agus beirt deartháireacha aige. [Is duine acu sin Pádraig Ó Siadhail, a bhfuil idir úrscéalta, ghearrscéalta agus taighde foilsithe aige féin i nGaeilge fosta.] Bhí triúr iníonacha agus beirt mhac ag Seán agus Éilís, a bhean chéile.

Fuair Seán a chuid bunscolaíochta i Scoil na mBuachaillí, ar Shráid Helen i nDoire agus a chuid meánscolaíochta i gColáiste Choilm sa chathair chéanna. D’fhág sé Doire sa bhliain 1968 le dul le sagartóireacht i gColáiste Phádraig, Má Nuad (Ollscoil na hÉireann, Má Nuad anois). Ní raibh sé i bhfad ansin gur athraigh sé a intinn ach lean sé don staidéar. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis sa bhliain 1972. Phós sé bliain níos deireanaí agus chuir sé féin agus a bhean fúthu i gContae na Mí.

Bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge agus Fraincise ar feadh a shaoil oibre. Bhí sé ag obair i ngairmscoil Bhaile Átha Troim agus i ngairmscoil Bhaile Átha Buí, i gContae na Mí, ar feadh tréimhse fada. Ansin, nuair a bunaíodh Coláiste Pobail lán-Ghaeilge i nGaeltacht Ráth Chairn, d’éirigh leis aistriú ansin mar a rinne roinnt mhaith múinteoirí eile ar chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa iad. Thaistil sé idir Ráth Chairn agus Baile Átha Buí go dtí go bhfuair sé post mar leas-phríomhoide feidhmeach i mBaile Átha Buí. Ceapadh mar phríomhoide na scoile sin é níos deireanaí. D’éirigh sé as an obair agus fuair pinsean sa bhliain 2005. Maraíodh é i dtimpiste agus é sa Spáinn i mí Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin.[2] Meastar gur bhuail scairdscí é agus é ag snámh san fharraige amach ó thrá bheag, áit a raibh sé ar saoire. Cuireadh i reilig cóngarach dá theaghlach i gContae na Mí é.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saothar ficsin is mó a d'fhoilsigh Seán ach bhí spéis mhór aige riamh i gcúrsaí léinn agus i litríocht na Gaeilge ó thús an 20ú haois. Bhain sé amach Máistreacht sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus rinne sé a thráchtas ar ghearrscéalaíocht na Gaeilge. Bhíodh sé i gcónaí ag scríobh giotaí beaga ficsin agus foilsíodh a chéad saothar, cnuasach gearrscéalta, sa bhliain 1982 agus é 32 bliain d’aois. Foilsíodh ceithre úrscéal dár scríobh sé agus trí ghearrscéal. Bhuaigh gearrscéalta dá chuid duaiseanna i gcomórtais Oireachtais i 1988 agus 1995. Foilsíodh corraiste leis in Comhar agus in An tUltach agus foilsíodh roinnt gearrscéalta leis san iris idirlín Beo!. Bhí sé i mbun tráchtais dochtúireachta ar Phádraig Ó Conaire, faoi stiúir an Dr Pádraigín Riggs, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, tráth ar bhásaigh sé.

Litríocht dá chuid a foilsíodh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Scéalta Mhac an Ghobáin, Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath, 1982 (cnuasach gearrscéalta)
  • Ashling Glass, Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1985 (úrscéal)
  • Miodamas, Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1989 (cnuasach gearrscéalta)
  • Comhad Caoch, Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1993 (úrscéal)
  • SSTTTC, Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1997 (úrscéal)
  • Cuid na Trua, Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1997 (cnuasach gearrscéalta)
  • Finnscéalaíocht an Ghrá, Coiscéim, Baile Átha Cliath, 2004 (úrscéal)

Bronnadh duais Oireachtais ar dhá cheann de na scéalta sa chnuasach Cuid na Trua.

Aistí liteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ‘Gruagach an Tobair’, Comhar, Imleabhar 41, Uimhir 3 & 4, 1982 (aiste faoi Phádraig Ó Séaghda)
  • ‘Pádraig Mac Piarais P.H.D.?’, Comhar, Imleabhar 42, Uimhir 11, 1983 (aiste)
  • ‘Caidé a d’imigh ar Fhear na haislinge?’, Irisleabhar Mhá Nuad, 1986 (aiste critice faoi shaothar Mháire - Séamus Ó Grianna)
  • ‘Pádraic Ó Conaire, reacaire nach iontaofa’, An tUltach, Imleabhar 62, Uimhir 1 & 2, 1985

Giotaí fánacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir mhagadh agus dáiríre a bhíodh sé go minic ina chuid scríbhneoireachta agus thaitin sé leis a bheith ag cleasaíocht le struchtúr an scéil.

Saothair ina luaitear é[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Titley, Alan, An tÚrscéal Gaeilge, An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath, 1991
  • Ó Cearnaigh, Seán, Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath, 1995
  • Lander, Ben, Irish Voices, Irish Lives, Brandon, Co. Kerry, 1997 (agallamh i mBéarla le Seán Ó Siadhail)
  • Uí Nia, Gearóidín (eag.), Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, 1998
  • Ní Dhonnchadha, Aisling, Idir dhúchas agus dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940-1990, An Clóchomhar Tta, 2002
  • Ní Mhurchú, Máire agus Breathnach, Diarmuid, Beathaisnéis a Naoi: Forlíonadh agus Innéacsanna, An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath, 2007

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]