Seosamh Ieróm Mac Giolla Phádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeosamh Ieróm Mac Giolla Phádraig
Beathaisnéis
Breith1878
Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1910
31/32 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata

Bráthair Críostaí, múinteoir, údar, agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea Seosamh Ieróm Mac Giolla Phádraig (Béarla: Jerome Fitzpatrick). Rugadh i 1878 (nó b'fhéidir 1877) i gCathair Chorcaí é, agus fuair sé bás i 1910 i mBaile Átha Cliath. Thacaigh sé le Conradh na Gaeilge agus le hAthbheochan na Gaeilge, agus tá clú agus cáil air as go leor leabhar agus áiseanna do mhúineadh na teanga a fhoilsiú ina shaol.[1]

Scríobh Mac Giolla Phádraig aon leabhar déag ar an nGaeilge.[2] An nós a bhí ann ag an am ná creidiúint a thabhairt do na Bráithre Críostaí sna foilseacháin seo in áit aon duine aonair. Mar chuid dá obair ar na leabhair seo, bhí sé i dteagmháil le lucht na hAthbheochana, Eoin Mac Néill agus Dubhghlas de hÍde san áireamh.[3]

Fuair sé bás i 1910 i mBaile Átha Cliath. 

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • First Irish Grammer, Br. J. Fitzpatrick, Christian Brothers.
  • Aids to Irish Composition, Br. J. Fitzpatrick, and Br. V. Casey, 1907.
  • Aids to the Pronunciation of Irish, Br. J. Fitzpatrick.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Br. Jerome Fitzpatrick (1878-1910 Waterford County Council
  2. 'An Br. Jerome Mac Giolla Phádraig 1878-1910: Réadóir Neamhghnách Gaeilge', An Bráthair Barry Coldrey, Comhar, Iml. 49, Uimh 4 (Apr., 1990), pp. 20-23 (4 pages) Published by: Comhar Teoranta.
  3. MAC GIOLLA PHÁDRAIG, Seosamh Ieróm (1877–1910) Biography, www.ainm.ie