Seoilítí
Appearance
Mianraí alúmanaisileacáite hidriúla, déanta as iathchloch. Cuimsíonn siad sóidiam, potaisiam, cailciam is bairiam. Sainstruchtúir cabhail oscailte ar féidir le gáis, iain is móilíní idirleathadh go héasca tríothu. Déantar criathair mhóilíneacha astu agus ianmhalartóirí chun uisce a bhogadh. Tábhachtach mar chatailísí in imoibrithe orgánacha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seoilítí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 593.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |