Jump to content

Sean-nós (amhránaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Traidisiún amhránaíochta is ea an sean-nós. Is stíl amhránaíochta a tugtar ‘an sean-nós’ go hiondúil uirthi – ar fhonnadóireacht na hÉireann trí chéile, idir Ghaeilge agus Bhéarla ach go háirithe ceol a ndéantar ornáidíocht air. Is stíl amhránaíochta a chloistear go minic i gConamara sna laethanta seo, ach tá traidisiún láidir in áiteanna eile chomh maith [1]

Fógra do féile "sean-nós" ón bhliain 2011

Amhránaíocht

Is é Corn Uí Riada an comórtas is áirde caighdeain ins an amhránaíocht sean-nós. Bíonn ar na hiomaitheoirí amhrán mall amháin a chasadh agus amhrán sciopaidh freisin.

Stair

Is téarma é ‘sean-nós’ a tháinig chun cinn le linn athbheochaint na Gaeilge le bunadh Oireachtas na Gaeilge, nuair a cuireadh tús le comórtais amhránaíochta mar chuid den fhéile[2]. Bhí lucht an Oireachtais ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir an amhránaíocht dhúchasach (an ‘sean-nós’) agus an cineál amhránaíocht a gcloisfí thart timpeall ar an bpianó i seomraí suite na meán-aicme (an ‘nós nua,’ cheapfá) ag an tráth sin. [3]

Conspóid

Ainm

Inniu tá an téarma ‘sean-nós’ á úsáid go forleathan, ach ní léir go bhfuil mórán ar bith céille leis.

Tá clú ar Eoiní Mhaidhcí Ó Suilleabháin mar amhránaí ar an sean-nós. Rinneadh roinnt clár faoi (ar TG4 ar Raidió na Gaeltachta) agus e ag casadh amhráin ar an sean nós.

Is é tuairim amhránaíthe áirithe nár cheart an téarma ‘sean-nós’ a úsáid ar chor ar bith.[4]

Oideolaíocht

Is ealaín ar leith í amhránaíocht sean-nós. Mar sin, ceapann daoine áirithe nach féidir ealaín a mhíniú don té nach bhfuil sí aige nó aici, ach níor chuir sin stop le ranganna áirithe. [5]

Tagairtí

  1. Mar shampla, tá clú ar Eoiní Mhaidhcí Ó Suilleabháin mar amhránaí ar an “sean-nós”. Rinneadh roinnt clár faoi (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus é ag casadh amhráin i stíl na Mumhan. Féach anseo, mar shampla clár TG4 ó 2011) ]]
  2. An Amhránaíocht Dhúchasach in Iarthar na hÉireann, Cartlanna Joe Éinniú
  3. Máire Ní Choilm ag cur síos ar amhránaíocht ar an sean-nós.
  4. Mar shampla, Sorcha Ní Ghuairim. Cuireadh siompóisiam i láthair ag an tOireachtas 1943 ina ndearnadh plé ar an gceist seo; féach Róisín Nic Dhonncha, ‘An tOireachtas agus an Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Cruthú agus Sealbhú Traidisiúin,’ i Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil (eag.), Bliainiris 2004, 57-71.
  5. Mar shampla Scoil Cheoil an Earraigh

Naisc

Naisc Sheachtracha