Séamus Ó Beaglaoich
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Meán Fómhair 1949 Baile na bPoc, Éire |
Bás | 9 Eanáir 2023 73 bliana d'aois Corca Dhuibhne, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cairdíneoir, amhránaí |
Seánra | Sean-nós |
Faoi thionchar | Paddy O'Brien agus Joe Cooley |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Cairdín |
Teaghlach | |
Siblín | Breanndán Ó Beaglaoich agus Seosaimhín Ní Bheaglaoich |
Ceoltóir, amhránaí agus feirmeoir ó Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne a bhí in Séamus Ó Beaglaoich nó Séamus Begley (26 Lúnasa 1949 - 9 Eanáir 2023).[1]
Bhí sé ar dhuine de phearsana móra na Gaeltachta agus ar dhuine de mhórcheoltóirí traidisiúnta a linne. Bhí an Beaglaíoch áirithe ar dhuine de na boscadóirí ba chumasaí agus na hamhránaithe ba bhinne sa tír.[2][3][4] Dála a mhuintire roimhe, bhí sé tugtha do sheánraí éagsúla amhrán, bídís i mBéarla nó i nGaolainn.[5]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh Séamus Ó Beaglaoich i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne, duine de naonúr clainne a raibh bua an cheoil iontu go léir. Rugadh é i gceann de theaghlaigh mhóra an cheoil in Éirinn – muintir Bheaglaoich Bhaile na bPoc. Bhíodh halla rince ar an Muirígh ag muintir Bheaglaoich agus é ina chomórtas idir ógánaigh Bhaile na bPoc féachaint cé leis a thitfeadh an gradam – a bheith ag seinm ag na céilithe sa halla.[6]
Thosaigh an Beaglaíoch ag seinm ceoil in Halla na Muirí agus é 14 bliain d’aois. Ba iad leithéidí Joe Burke, Paddy O’Brien agus Finbarr Dwyer na boscadóirí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag teacht chun coinlíochta.
Deireadh sé féin go mba bhreá an lá dó ag Oireachtas na bliana 1969 ach a ndúirt an moltóir Seán Óg Ó Tuama leis an mBeaglaoch óg go raibh a ghuth róbhinn don sean-nós.[5]
Thug sé tamall dá shaol ag obair in Chicago ach d’fhill sé ar an bhfód dúchais agus bhí ina fheirmeoir anseo.[7]
Le spreagadh Riobaird Mhic Góráin Ghael Linn, d'eisigh Séamus Ó Beaglaoich féin agus a dheirfiúr Máire a gcéad albam in 1973, An Ciarraíoch Mallaithe. Ní fada gur bhain fear pharóiste Mórdhach gradam amach mar cheoltóir, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain.
As a chumas diamhair ar an mbosca ceoil is mó a thuill sé aitheantas agus bhain a chleamhnas ceoil leis an ngiotáraí Steve Cooney suaitheadh maith as saol an cheoil thraidisiúnta tar éis dóibh bualadh lena chéile ar dtúis i dtábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar i 1984.[5]
Chuir sé albam eile amach le Máire in 1989, Planxtaí Bhaile na bPoc.
As an gcleamhnas ceolmhar a rinneadh dó féin agus an tAstrálach Steve Cooney do tháinig Meitheal sa bhliain 1996[8] - cnuasach a bhain an anáil do phobal an cheoil de bharr an choir nua a bhaineadar as ceol traidisiúnta. Is mó duine a bhí meallta ag a n-albam Meitheal agus ag a gceolchoirmeacha spleodracha a mbíodh fiántas agus anam as an ngnáth ag baint leo. Mar “Guns N’ Roses Bhaile na bPoc” a chuir an craoltóir Ailbhe Ó Monacháin i láthair iad ar oíche oscailte TG4 i 1996.
Ina dhiaidh sin, bhí leithéidí Jim Murray agus Tim Edey mar thionlacan aige.[5] Bhuaigh a saothar Ragairne (2001),[9] in éineacht le Jim Murray, duaiseanna d’albam traidisiúnta na bliana ó Hot Press agus The Irish Times.
Feirmeoir agus scéalaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur thug a chuid ceoil ar fud an domhain é, do lean Ó Beaglaoich leis an bhfeirmeoireacht i mBaile na bPoc agus bhí ardaithne ag feirmeoirí na dúthaí air agus é ag obair mar chonraitheoir sadhlais.[5] Bhí sé de cháil ar Shéamus go n-éiríodh leis dul go croí an amhráin i gcónaí agus taibhsíodh do scata go mba thríd agus leis agus ann a deirtí an t-amhrán.Thug sé tamall mar chonraitheoir sadhlais. Cé go ndeireadh sé féin gur mhinic go raibh dícheall déanta is faic dá bharra, bhí stráice maith talún tugtha chun míntíreachais aige i gcaitheamh na mblianta.
Ina pharóiste dúchais, Paróiste Mórdhach, bhí Ó Beaglaoich aitheanta mar shárchainteoir agus é ar dhuine de na daoine ab fhearr sa Ghaeltacht chun scéal a insint.[5]
Bás agus oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Séamus Ó Beaglaoich bás gan choinne in Eanáir na bliana 2023, in aois a 73 bliana. Ag éileamh lena chroí, chuaigh sé faoi scian in Ospidéal Luimnigh ach chuaigh cúrsaí in aimhréidh.[10]
Cuireadh Séamus Ó Beaglaoich i reilig Chill Chuáin.[11] Léiriú ar shuim agus ar mheas an phobail ar Shéamus gur chraol RTÉ Raidió na Gaeltachta an t-aifreann ar a leathanach Facebook. Maireann a bhean chéile Mary, a gclann - Breandán, Eoin, Niall agus Méabh - deartháireacha agus deirfiúracha agus a gclannaibh siúd.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1972 An Ciarraíoch Mallaithe, le Séamus & Máire Ní Bheaglaoich
- 1989 Plancstaí Bhaile na Buc, le Séamus & Máire Ní Bheaglaoich
- 1992 Bringing it all Back Home, Guinness Tour, (albam díolama)
- 1993 Meitheal,[8] le Séamus agus Stephen Cooney agus Máire Ní Bheaglaoich
- 2000 Chieftains, Water from the Well, (albam díolama)
- 2001, Beginish, Stormy Weather, Séamus ag canadh
- 2001 Ragairne, Reveling at Night,[9] le Jim Murray
- 2002 Ragtime
- 2003 Frankie Lane, Gunsmoke at El Paso, (albam díolama)
- 2009: Éirí go Lá,[12] Seamus Begley & Jim Murray
- 2010: Disgrace Notes, Seamus Begley & Tim Edey
- 2015: The Bold Kerryman
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of Séamus Ó Beaglaoich" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-01-20.
- ↑ "Renowned West Kerry musician and singer Séamus Begley has died" (en). RadioKerry.ie. Dáta rochtana: 2023-01-10.
- ↑ "Séamus Begley: A gloriously boisterous musician who laced his sets with fall-off-the-seat humour" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-01-10.
- ↑ "Seamus Begley: Family and friends devastated by the death of Kerry musician and singer Séamus Ó Beaglaoich" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-01-10.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 Seán Mac an tSíthigh / Nuacht RTÉ (2023-01-10). "An ceoltóir cáiliúil Séamus Ó Beaglaoich tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "‘B’fhéidir gurbh é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh é’ – Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-10.
- ↑ NÓS (9ú Eanáir 2023). "An ceoltóir aitheanta Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-01-10.
- ↑ 8.0 8.1 "Meitheal by Séamus Begley and Stephen Cooney - as analyzed at irishtune.info". www.irishtune.info. Dáta rochtana: 2023-01-10.
- ↑ 9.0 9.1 "Ragairne (Revelling at Night) by Seamus Begley and Jim Murray - as analyzed at irishtune.info". www.irishtune.info. Dáta rochtana: 2023-01-10.
- ↑ Morrison Liam SNBC13 (2023-01-10). "Seamus Begley Trad Musician, Irish accordion player died following heart surgery" (en-US). SNBC13.com. Dáta rochtana: 2023-01-10.
- ↑ Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2023-01-14). "Ómós don cheoltóir Séamus Ó Beaglaoich ag a aifreann sochraide" (as ga-IE).
- ↑ "Éirí Go Lá by Seamus Begley and Jim Murray - as analyzed at irishtune.info". www.irishtune.info. Dáta rochtana: 2023-01-11.