Seán Mac Fhionnghaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Mac Fhionnghaile
Beathaisnéis
Breith(en) Seán McGinley
1952
Gaoth Dobhair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Samhain 2009
56/57 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata

Bá aisteoir ó Chontae Dhún na nGall é Seán Mac FhionnghaileSeán McGinley (c. 1952 - 1 Samhain 2009). Tá clú air as a rólanna grinn, a phríomh-rólanna i ndramaí grinn suímh TG4 C.U. Burn agus Gleann Ceo, chomh maith le sraith ghrinn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cois Cuan.

Léiritheoir feidhmiúcháin don tsraith FFC a bhí ann agus ba bhall d'Aisteoiri Ghaoth Dobhair é.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Seán Mac Fhionnghaile i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall. Bhí dhá iníon agus dhá mhac aige lena bhean chéile Treasa.

Fuair sé bás ó ailse ag aois 57 ar an 1 Samhain 2009. Bhí an galar air ar feadh dhá bhliain. Bhí a shochraid in Eaglais Naomh Colmcille i mBrioglaic, Gaoth Dobhair dhá lá ina dhiaidh a bháis. Mhair a mháthair, Gráinne, i ndiaidh a bháis.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'fhearr aithne ar óna phríomh-rólanna i gcláracha teilifíse ar nós CU Burn agus Gleann Ceo a craoladh ar TG4. Bhí sé ina léiritheoir feidhmiúcháin ar an tsraith FFC ar TG4 fosta .

Bhí sé páirteach i gclár grinn RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cois Cuan .

Bhunaigh sé Cúl a'Tigh, comhlacht léiriúcháin teilifíse.[2] Thrasfhoirmigh sé monarcha a bhí ag titim as a chéile in aice lena bhaile go scoil traenála agus lárionad léiriúcháin.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Seán Mac Fhionnghaile Archives" (en-US). Donegal News. Dáta rochtana: 2022-11-01.
  2. "Actor dies after battle with cancer" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-11-01.
  3. "Donegal actor dies after battle with cancer" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-11-01.