Seán FitzPatrick
Seán FitzPatrick | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Contae Chill Mhantáin, 25 Bealtaine 1948 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | 8 Samhain 2021 |
Gairm | |
Gairm | baincéir |
Iar-phríomhfheidhmeannach agus iarchathaoirleach Bhanc Anglo Irish ab ea Seán FitzPatrick (25 Bealtaine 1948 – 8 Samhain 2021). Bhí Seán FitzPatrick aitheanta as an mbaint a bhí aige leis an bhfás mear a tháinig ar Anglo Irish, agus ansin lena chliseadh sna blianta 2008/2009.[1]
Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mionbhanc tráchtála a bhí ann nuair a thosaigh FitzPatrick ag obair ann i 1986.
Iasachtaí a thabhairt d'fhorbróirí maoine a bhí i gcuid shuntasach de ghnó an bhainc faoi stiúir Sheáin FitzPatrick agus b'in a rinne a aimhleas nuair a tháinig an cúlú eacnamaíochta in 2007/2008. Faoin am a thit Anglo-Irish as a chéile, bhí sé ar an tríú banc ba mhó sa tír.[1]
I mí na Nollag 2009, thuairiscigh Anglo Irish caillteanais €12.7 billiún agus aistríodh luach iasachtaí an bhainc go dtí an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní.
In 2010, dearbhaíodh FitzPatrick ina fhéimheach agus dúradh go raibh fiacha €147 milliún air. Urscaoileadh ón bhféimheacht é ceithre bliana ina dhiaidh sin.[1]
Cuireadh FitzPatrick ar a thriail faoi dhó é faoi chaimiléireacht. Fuarthas neamhchiontach é in 2014 agus arís in 2017.
Cháin breitheamh an chaoi ar thug Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoin gcás in aghaidh Sheáin FitzPatrick a fhiosrú.
In 2019, díbríodh as Cuntasóirí Cairte Éireann agus gearradh fíneáil €25,000 air.[1]
Bhuail taom croí Fitzpatrick agus d'éag 8 Samhain 2021, in aois 73 dó.[2]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTE (2021-11-09). "Iarcheannasaí bhanc Anglo Irish Seán FitzPatrick tar éis bháis" (as ga).
- ↑ Jude Webber (2021-11-09). "Former chief of collapsed Anglo Irish Bank Seán FitzPatrick dies". Financial Times. Dáta rochtana: 2021-11-15.