Gníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní
Is comhlacht í an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní nó GNBS (Béarla: National Asset Management Agency nó NAMA) a bhunaíodh ag na hÉireann sa bhliain (2009).
Feidhmíonn an GNBS mar dhroch-bhanc chun déileáil leis an ngéarchéim airgeadais Éireannach agus le díbhoilsciú an bholgáin réadmhaoine.
Ceannaidh an GNBS iasachtaí fhorbairt réadmhaoine ó na bainc ag íoc astu le bannaí rialtais. Is é aidhm na n-idirbheart seo ná go gcuirfidh na bainc iasachtaí ar fáil do ghnáth-chomhlachtaí. Bhí luach 77 billiún de réir na leabhar ar na h-iasachtaí ar dtús ach sa bhliain (2009) níl ach margadhluach 47 billiún orthu. Díoch an GNBS níos mó ná an margadhluach do na bainc - an "luach eacnamúil fadtéarmach" mar a thugtar air.
Is tionscadal conspóideach é an GNBS. Bhí, Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, páirtithe an fhreasúra ag an t-am go mór ina éadan agus bhí an plean cáinte go géar ag roinnt mhaith eacnamaithe, buaiteoir duaise Nobel, Joseph Stiglitz, ina measc.