Seán Ó Laoghaire (Fínín)
Seán Ó Laoghaire | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Tiobraid Árann, 23 Iúil 1830 |
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | Baile Átha Cliath, 16 Márta 1907 |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Muintir | |
Céile/Céilí | luach ar iarraidh |
Siblíní | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste Phádraig Ceatharlach Scoil na Mainistreach |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | iriseoir agus file |
Ballraíocht | Bráithreachas na Poblachta |
Poblachtánach Éireannach agus Fínín mór le rá ab ea Seán Ó Laoghaire (Béarla: John O'Leary [1]). Rinne sé staidéar ar an dlí agus ar an leigheas araon ach níor bronnadh céim air, agus as a pháirt i mBráithreachas Poblachtach na hÉireann cuireadh i bpríosún é i Sasana sa naoú haois déag.
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh i mbaile Thiobraid Árann, Contae Thiobraid Árann é, agus cuireadh oideachas ar Ó Laoghaire (a bhí ina Chaitliceach) sa Scoil Ghramadaí Phrotastúnach áitiúil, i Scoil na Mainistreach, agus i gColáiste Caitliceach Cheatharlach ina dhiaidh sin. Shamhlaigh sé é féin leis na tuairimí a mhol Tomás Dáibhis, agus bhuail sé le Séamas Mac Stiofáin i 1846. [1]
Thosaigh sé a chuid staidéir ar an dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i 1847, áit a raibh baint aige, trí Chlub Grattan, le Cathal Gabhán Ó Dubhthaig, Séamas Fionntán Ó Leathlobhair, agus Tomás Proinsias Ó Meachair.
Éirí amach 1848[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Alan O'Day, O'Leary, John (1830–1907), Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, May 2006