Screamhchruachan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le screamhchruachan ná bealach chun uirlisí is comhbhaill cruach a bhíonn in úsáid íditheach, cosúil le giaranna, a chruachan.[1] Téitear an comhbhall in atmaisféar nó i dtadhall le hábhar (mar shampla, ola hidreacarbóin) a athraíonn comhdhéanamh an dromchla chuig cóimhiotal níos crua. Mar shampla, téitear cóimhiotail alúmanaim in atmaisféar amóinia a thugann nítrigin isteach sa chiseal dromchlach len é a chruachan.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “case-hardening” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-04.
  2. Hussey, Matt (2011). "Screamhchruachan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 586.