Scoilteadh catalaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ní mór na móilíní hidreacarbóin i bpeitriliam a bhriseadh síos (a scoilteadh) ina móilíní níos lú chun go mbeidh siad inúsáidte. Déantar é seo sa scaglann ola tríd an bpeitriliam a dhriogadh. Ach is féidir leis an scoilteadh tarlú ar bhealaí éagsúla, agus mar sin baintear feidhm as catalaígh ar leith chun taobhú le bealaí ar leith chun peitreal, díosal nó olaí eile a tháirgeadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scoilteadh catalaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.