Scairdsruth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aerchúrsaíocht ardluais chaol, a bhíonn in airde san atmaisféar ar roinnt pláinéad lena n-áirítear an domhan, is ea scairdsruth. Bíonn fáil ar na príomh scairdsruthanna in aice leis an trópastad, idirchrios idir an trópaisféar (ina laghdaíonn teocht le hairde) agus an strataisféar (ina mhéadaíonn teocht le hairde). Is ‘gaotha aniar’ iad príomh scairdsruthanna an domhain (a séideann aniar- soir). Lúbann cruth a gconairí ; is féidir le scairdsruthanna tosú, stad, scoilt ina dhá chuid nó níos mó, comhcheangal le chéile in aon sruth amháin, nó imeacht i dtreonna éagsúla, lena n-áirítear i dtreo contrártha ó phríomhthreo na scairde. Is iad na scairdeanna polacha na sruthanna is láidre, ag thart ar 7-12 km os cionn leibhéal na farraige, agus na scairdeanna fo-thrópaiceacha a bhíonn ábhairín níos airde agus níos laige ag thart ar 10-16 km. Bíonn scaird pholach agus scaird fho-thrópaiceach san leathsféar thuaidh agus san leathsféar theas. Sreabhann scaird pholach an leathsféir thuaidh ar lár leithead thuaidh Mheiriceá Thuaidh, na hEorpa, na hÁise agus a n-aigéan idir eatarthu, cé go sreabhann scaird pholach an leithead theas san Antartaice de ghnáth i gcaitheamh na bliana.

Rothlú pláinéadach ar ais a rothlaithe maille le téamh an atmaisféir (trí radaíocht ghréine agus, ar phláinéid eile seachas an domhan, teas inmheánach) is cúis le scairdsruthanna. Déanann an iarmhairt Coriolis cur síos ar conas a rothlaíonn dromchla agus atmaisféar an phláinéid níos tapúla i gcoibhneas lena chéile ag meánchiorcal an phláinéid cé go mbíonn beagán rothlach ar na poil. Cé go ginearálta nach mbíonn mórán tionchair ag difríocht luais ar dhromchla an phláinéid, imríonn sé ról tábhachtach i sruthanna an aeir atmaisféirigh toisc go mbíonn ar an aer ag leibhéil níos aired an atmaisféir, go háirithe in aice leis an Mheánchiorcal, taisteal go han-tapa chun coimeád suas le rothlú an phláinéid. Dá bhrí sin, tá claonadh ag an aer ag leibhéil níos airde an atmaisféir a bheith" sleamhnaithe" agus titim taobh thiar de luas an aeir faoin a bhun. Mar thoradh ar seo tarlaíonn méadú ar an mbrú taobh thiar den aer " sleamhnaithe ", agus mar sin bíonn ar roinnt aeir breith suas trí ghluaiseacht sa treo ginearálta céanna le rothlú an phláinéid (siar go soir ar an Domhan) ach, ní leanann an t-aer seo patrún simplí ach ina ionad sin bíonn sé faoi thionchar a chuid teochta agus cion a chuid bogthaise i gcomparáid le réigiúin aeir mórthimpeall. Go bunúsach, seachas an t-atmaisféar ag bogadh go seasta i ndiaidh a chéile leis an phláinéad, taistilíonn codanna an atmaisféir níos ná a chéile trí scaird sruthanna.

Múnlaítear scaird sruthanna in aice le teorainn mhaiseanna aeir ina mbíonn difríochtaí suntasacha teochta eatarthu, ar nós an réigiúin pholaigh agus an mheánchiorcail, áit ina mbíonn an t-aer níos teo. Baineann meitéareolaithe úsáid as láthair gheografach de chuid na scairdsruthanna mar chabhair i réamhaisnéisiú na haimsire. Aerthaisteal is ea an ábharthacht thráchtála is mó a bhaineann leis na scairdsruthanna, mar is féidir le heitilt leis an scairdsruth nó ina gcoinne tionchar mór a imirt ar thréimhse eitilte. Is minic a fhaightear suaiteacht ghlanspéire, guais ionchasach ar shábháilteacht aerárthaí phaisinéara, i scairdsruthanna nó in a gcomharsanacht. Sa todhchaí, d'fhéadfadh go mbeidh na scairdsruthanna cumhacht a ghiniúint i dtuirbíní gaoithe aerbheirthe.