Iarmhairt Coriolis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Figiúr 1: San bhfráma támhúil tagartha (cuid uachtarach den phictiúr), bogann an réad dubh i líne dhíreach, gan cuimilte suntasach leis an diosca. Mar sin féin, feiceann an breathnóir, ( ponc dearg) atá ina seasamh i bhfráma (neamh-támhúil) tagartha rothlach (cuid íochtarach den phictiúr) an réad ag leanúin conaire cuartha mar gheall ar na fórsaí Coriolis agus lártheifeacha i lárphointe an fhráma.

San fhisic, is éard is éifeacht Coriolis ann ná an sraonadh dealraitheach ar réad luaileacha nuair a bhfeictear orthu ó fhráma tagartha rothlach. I bhfráma tagartha le rothlú deiseal, bíonn an sraonadh ar an taobh clé de ghluaisne an réada; agus i gceann le rothlú tuathalach, bíonn an sraonadh ar dheis. Nochtaíodh an slonn matamaiticiúil d'fhórsa Coriolis i bpáipéar sa bhliain 1835 scríofa ag an t-eolaí Francach Gaspard-Gustave Coriolis i ndáil le teoiric na rothaí uisce, agus freisin i cothromóidí taoide de chuid Pierre-Simon Laplace sa bhliain 1778. Go luath sa 20ú haois, d'úsáidtí an téarma fórsa Coriolis i dtaca le meitéareolaíocht.