Gaspard-Gustave Coriolis
Gaspard-Gustave Coriolis | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Páras, 21 Bealtaine 1792 |
Náisiúntacht | Frainc |
Bás | Páras, 19 Meán Fómhair 1843 |
Áit adhlactha | Reilig Montparnasse |
Oideachas | |
Alma mater | École polytechnique (Samhain 1, 1808 - 1810) École des Ponts ParisTech (Samhain 20, 1810 - Aibreán 1811) |
Teangacha | an Fhraincis |
Gairm | |
Gairm | matamaiticeoir, fisiceoir, innealtóir sibhialta, innealtóir agus múinteoir ollscoile |
Áit oibre | Páras |
Fostóirí | École polytechnique (Eanáir 10, 1817 - École Centrale Paris (1829 - École des Ponts ParisTech (1831 - 1838) École polytechnique (1839 - 1843) |
Saothar iomráiteach | Iarmhairt Coriolis Coriolis acceleration (en) ![]() obair |
Duaiseanna | |
Ballraíocht | Société Philomathique de Paris Acadamh na nEolaíochtaí Accademia delle Scienze di Torino |
Eolaí, innealtóir meicniúil agus matamaiticeoir Francach ba ea Gaspard-Gustave de Coriolis nó Gustave Coriolis (21 Bealtaine, 1792 – 19 Meán Fómhair, 1843). Tá clú air toisc an obair a rinne sé i leith fórsaí forlíontaigh a aimsítear i bhfráma tagartha rothlach, agus glaodh an fórsa áirithe, Iarmhairt Coriolis ina dhiaidh. Ba é Coriolis an chéad duine leis an téarma "obair" a úsáid le cur síos a dhéanamh ar aistriú fuinneamh thar fad áirithe.
Rugadh é i bPáras sa bhliain 1792. Sa bhliain 1816 bhí sé mar teagascóir ag an École Polytechnique. Rinne sé turgnaimh ansin ar frithchuimilt agus hiodrálaic. Sa bhliain 1829 d'fhoilsigh sé an leabhar, Calcul de l'Effet des Machines ("Áireamh ar Éifeacht na meaisíní"), ag déanamh cur síos ar an tslí gur féidir le earnáil na tionsclaíochta úsáid éifeachtach a fháil ó na meaisíní. I rith an tréimhse seo bhí an slonn, ½mv2, á úsáid níos mó agus glacadh leis an nasc idir é agus obair mheicniúil.
Rinne Coriolis a lán oibre sna blianta seo ar na smaointe seo faoi fuinneamh cinéiteach a chuir i bhfeidhm le córais rothlaigh. . Scríobh sé páipéir sa bhliain 1835, Sur les équations du mouvement relatif des systèmes de corps ("Na cothromóidí gluaisne choibhneasta de córas corp"). Chuir an saothar seo síos ar ar aistriú fuinneamh i córais rothlaigh mar rotha-uisce. Rinne sé plé ar na fórsaí forlíontaigh a aimsítear i bhfráma tagartha rothlach agus roinn sé na fórsaí seo in dhá grúpaí. Is é Iarmhairt Coriolis an dara catagóir. Sa bhliain 1835 d'fhoilsigh sé saothar matamaiticiúil ar imbhualadh sféar: Théorie Mathématique des Effets du Jeu de Billard.
Bhí Coriolis mar ollamh le meicnic ag an École Centrale des Arts et Manufactures sa bhliain 1829. Fuair sé bás sa bhliain 1843 ag aois 51 i bPáras.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol faoin innealtóir, aireagóir nó dearthóir tionsclaíoch é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |