Scagthástáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tástáil a dhéantar ar dhaoine atá ar fónamh, féachaint an bhfuil galair neamhaitheanta (fós) orthu. Déantar a leithéid ar chúiseanna éagsúla. Déantar í i dtaighde eipidéimeolaíochta chun teagmhas is leitheadúlacht galair a thomhas. Déantar í chun an pobal a chosaint ar ghalair thógálacha. Déantar scagthástáil rúrach ar mhaithe le duine aonair chun galar a bhrath chomh luath agus is féidir, nuair a bheadh sé níos inleigheasta is nach gcuirfeadh sé isteach an oiread sin air. Déantar mamagrafaíocht chun ailse chíche a aimsiú go luath, smearadh ceirbheacsach chun ailse ceirbheacs a dhiagnóisiú, brú na fola a thomhas, radagrafaíocht an chliabhraigh is anailisí bithcheimiceacha fola chun galair eile a dhiagnóisiú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scagthástáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 578.