Mamagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht ar leith íomháithe X-ghathaigh chun ailse chíche a bhrath chomh luath agus is féidir, níos luaithe ná mar ab fhéidir cnap a mhothú. Baintear feidhm as dáileoga an-bheaga X-ghathanna, agus cruthaítear na híomhánna trí mhodh íogair xéaragrafach. An tslí is fearr chun ailse chíche a bhrath go luath, agus de bhrí go mbuaileann an ailse seo an-chuid ban, moltar do gach bean an scrúdú seo a fháil gach bliain nó gach re bliain tar éis a 40ú bliain d'aois.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mamagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 436.