Jump to content

Sam Maguire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sam Mac Uidhir)
Infotaula de personaSam Maguire
Beathaisnéis
Breith11 Márta 1877
Contae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Feabhra 1927
49 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha (Eitinn)
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata


Find a Grave: 181169954 Cuir in eagar ar Wikidata
Dealbh, Dúnmaonmhuí

Ba phoblachtóir Éireannach agus imreoir peil Ghaelach é Samuel ("Sam") Maguire (Somhairle Mag Uidhir) (1879 - 6 Feabhra, 1927). Cuimhnítear air go príomha mar eapainm Chorn Shomhairle Mhig Uidhir, a thugtar do bhuaiteoirí sinsear uile-Éireann sa pheil Ghaelach.

Corn

Rugadh Maguire i Meall a' Bhreaca gar do Dhúnmaonmhui sa bhliain 1877.Bhí ceathrar deartháir agus beirt deirfiúr aige. Oileadh é sa Mhódhscoil i nDúnmaonmhuí agus ansin i scoil cháiliúil eile, darbh ainm Scoil an tSléibhe, in Ard Uí bhFicheallaigh in aice le Cloch na Coillte.

Fuair Maguire post sa státseirbhís i Londain agus ghlac sé páirt ghníomhach sa Chumann Lúthchleas Gael ann. Ba phoblachtach go smior é agus bhuail sé le Mícheál Ó Coileáin i Londain. Bhí Sam Maguire ar son an tSaorstáit.[1]

músaem CLG

Bhuail eitinn Maguire agus cailleadh é i Meall a' Bhreaca ar an 6 Feabhra 1927. Tá sé curtha i reilig Naomh Mhuire, Dhúnmaonmhui, i lár an bhaile mhóir. Ní raibh Maguire ach 49 mbliana d'aois nuair a fuair sé bás, gan cáil agus gan phingin.

  • Sam Maguire (2003) Margaret Walsh. Kenneigh Tower Publications.
  1. "Ó GRÁDAIGH, Eoghan (1902–1987)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-02-05.