Rudolf Rocker
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 25 Márta 1873 Mainz (Impireacht na Gearmáine) |
| Bás | 19 Meán Fómhair 1958 85 bliana d'aois Coilíneacht Mohegan, New York |
| Faisnéis phearsanta | |
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | Ainrialachas |
| Áit chónaithe | Páras Mainz Londain Beirlín Nua-Eabhrac Contae Westchester |
| Teanga dhúchais | an Ghearmáinis |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Beirlín |
| Gairm | staraí, ceardchumannaí, polaiteoir, iriseoir, scríbhneoir, eacnamaí, ainrialaí |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (–1891) |
| Ball de | |
| Gluaiseacht | Sindeacálachas ainrialach agus social anarchism (en) |
| Teangacha | An Ghiúdais agus an Ghearmáinis |
| Ghlac sé/sí páirt i | |
| 24 Lúnasa 1907 | International Anarchist Congress of Amsterdam (en) |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Suíomh a chartlainne | |
| Teaghlach | |
| Céile | Milly Witkop |
| Páiste | Fermin Rocker |
Scríbhneoir agus gníomhaí ainrialaitheach ba ea Johann Rudolf Rocker (25 Márta 1873 - 19 Meán Fómhair 1958). Cé go minic gur cuireadh síos air mar sindeacáiteach ainrialach, bhí sé admhaithe aige féin gur ainrialaí ab ea é gan aidiachtaí, ag creidiúint go raibh scoileanna smaointeoireachta na n-ainrialait ag déanamh ionadaíochta do "modhanna éagsúla na heacnamaíochta amháin" agus gurb é céad chuspóir d'ainrialaí ná "saoirse pearsanta agus sóisialta na bhfear a bhaint amach ".
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Rudolf Rocker don liteagrafaí Georg Philipp Rocker (1845-1877) agus a bhean chéile Anna Margaretha née Naumann (1869-1887, iníon Heinrich Naumann) mar cheann dá gceithre leanbh, i Mainz, Hesse (Dúiche na Réine agus an Phalaitíneacht anois), An Ghearmáin, an 25 Márta 1873. (Philipp, 1870-1873; Catharina Barbara, 20 Márta 1870 - 3 Aibreán 1870; agus Friedrich, b. 1877, a ba a chlann.) Chuaigh traidiún daonlathach agus frith-Phrúiseach ag an teaghlach Caitliceach seo (nach raibh ina gCaitliceacigh go smior), siar chuig seanathair Rocker, a ghlac páirt i Réabhlóid an Mhárta de 1848. Mar sin féin, fuair Georg Philipp bás ach ceithre bliana i ndiaidh bhreith Rocker. Tar éis sin, d'éirigh leis an teaghlach an bhochtaineacht a sheachaint, ach amháin trí thacaíocht ollmhór ó theaghlach a mháthar. Tháinig Carl Rudolf Naumann, uncail agus athair baistí Rocker, comhalta lánaimseartha den Pháirtí Daonlathach Sóisialta (PDS), isteach mar ionadaí in ionad a thuismitheoirí marbh agus mar phatrún, a stiúir forbairt intleachtúil an bhuachaill. Bhí déistin air Rocker roimh modhanna tiarnúla a mhúinteoir scoile, ag tabhairt "forlámhaí cruachroíoch" ar an fhear. Dá bhrí sin, ba dhrochmhac léinn é..