Rose Heilbron
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Lúnasa 1914 Learpholl, England |
Bás | 8 Nollaig 2005 91 bliana d'aois Islington, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Learphoill The Belvedere Academy (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, abhcóide |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas |
Ceannródaí ar son na mban i measc abhcóidí agus breithiúna Shasana agus na Breataine Bige ab ea Rose Heilbron (19 Lúnasa 1914 – 8 Nollaig 2005),agus an chéad bhreitheamh mná ina suí sa Sean-Bhábhún (sa bhliain 1972).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Rose Heilbron i Learpholl ar (19 Lúnasa 1914. Óstánaí Giúdach ab ea a hathair, Max Heilbron.
D'fhreastail sí ar Ollscoil Learphoill, agus ba ea í an chéad bhean a bhain céim sa Dlí amach le céadonóracha, sa bhliain 1935.
Bhí sí mar dhuine den chéad bheirt bhan ar ar glaodh chun an Bharra Laistigh riamh, agus an chéad bhean a bhí ina príomhabhcóide (ar son an chosantóra) i dtriail dúnmharaithe ab ea í.
Sa bhliain 1956 a ceapadh ina Cláraitheoir í (an chéad bhean a raibh an post sin aici). Ansin sa bhliain 1957 ceapadh ina Coimisinéir Seisiúin (an chéad bhean arís).
Baineadh garsprioc ríthábhachtach i stair dhlí Shasana amach ar 4 Eanáir 1972 nuair a bhí Heilbron ina suí sa Sean-Bhábhún, an Phríomh-Chúirt Choiriúil le haghaidh Shasana agus na Breataine Bige, an chéad bhreitheamh mná san áit sin riamh. Ceapadh ina breitheamh den Ard-Chúirt dhá bhliain dár gcionn.
Bhí Heilbron ina breitheamh ceannais ar an gCuaird Thuaisceartach ó 1979 go 1982. Chuaigh sí ar scor sa bhliain 1988.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Rose Heilbron" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-01-04.