Robert Sapolsky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Sapolsky
Ainm sa teanga dhúchais(en) Robert Morris Sapolsky
Beathaisnéis
Breith6 Aibreán 1957
67 bliana d'aois
Brooklyn, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachNa Giúdaigh
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard - Baitsiléir Ealaíon
Ollscoil Rockefeller - céim dochtúireachta
Ardscoil John Dewey Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Comhairleoir dochtúireachtaBruce McEwen
Gníomhaíocht
Réimse oibreEiteolaíocht, néarinchríneolaíocht, bitheolaíocht, néaramháinliacht, eolaíocht néarchórais, antraipeolaíocht, eolaíocht príomhach agus néareolaíocht
Suíomh oibre Stanford Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmúinteoir ollscoile, néareolaí, acadóir, bitheolaí, scríbhneoir, eolaí néarchórais Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stanford
Músaeim Náisiúnta na Céinia, comhalta taighde Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinprofiles.stanford.edu… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm4234295 TED: robert_sapolsky Cuir in eagar ar Wikidata

Néaraibhitheolaí, eolaí príomhach [en], eiteolaí, agus scríbhneoir Meiriceánach is ea Robert Morris Sapolsky (a rugadh ar an 6 Aibreán 1957).[1] Tá sé ina ollamh le bitheolaíocht, néareolaíocht, agus néaramháinliacht [en] in Ollscoil Stanford, SAM.[2]

Óige agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Sapolsky in Brooklyn, Nua-Eabhrac d’inimircigh ón Aontas Sóivéadach.[3] Ailtire ba ea a athair, Thomas Sapolsky, a rinne athchóiriú ar na bialanna cáiliúla Lüchow's [en] agus Lundy's [en].[4]

Goraille ar taispeáint in Músaem Mheiriceá um Stair an Dúlra [en], Manhattan, Nua-Eabhrac

Le linn a óige, chaith Sapolsky neart ama ag léamh, agus bhí an-dúil aige in Músaem Mheiriceá um Stair an Dúlra [en], Manhattan, áit a bhfaca sé goraille droimairgid agus taispeántais Afracacha eile a chuaigh i gcion go mór air.[5][6] In aois a dhá bhliain déag, bhí sé ag scríobh litreacha móidíneacha chuig eolaithe príomhacha.[4][5][6] D’fhreastail sé ar Ardscoil John Dewey [en] in Brooklyn, agus faoin am sin bhí sé ag léamh téacsleabhair faoin eolaíocht príomhach [en] agus ag teagasc Svahaílise dó féin.[4][6]

Sa bhliain 1978, bhain Sapolsky céim BA, summa cum laude, amach san antraipeolaíocht fhisiceach [en] ag Ollscoil Harvard.[7] Ansin chuaigh sé go dtí an Chéinia chun staidéar a dhéanamh ar iompraíocht shóisialta an bhabúin san fhiántas. Nuair a thosaigh cogadh idir Uganda agus an Tansáin, bheartaigh Sapolsky taisteal chuig Uganda chun an troid a fheiceáil lena dhá shúil féin. Chuaigh sé go Kampala, príomhchathair Uganda, agus uaidh sin go dtí an teorann leis an tSáír [en] (Poblacht Dhaonlathach an Chongó sa lá atá inniu ann), agus ar ais go Kampala arís. Chonaic sé roinnt troda, ina measc sin gabháil Kampala ag arm na Tansáine agus comhghuaillithe reibiliúnacha ó Uganda ar an 10–11 Aibreán 1979 (gabháil a chur deireadh le riail Idi Amin).[8] D’fhill Sapolsky ar Nua-Eabhrac ina dhiaidh sin agus rinne PhD sa néara-inchríneolaíocht [en] in Ollscoil Rockefeller [en], ag obair i saotharlann an inchríneolaí [en] Bruce McEwen [en].[9] Chríochnaigh sé a PhD sa bhliain 1984.[7][9]

I ndiaidh dó an chéad staidéar allamuigh [en] sin a dhéanamh san Afraic (a mhair bliain go leith), d’fhill sé ar an Afraic gach samhradh ar feadh cúig bliana is fiche – ó dheireadh na 1970idí go dtí go luath sna 1990idí – chun staidéar a dhéanamh ar an trúpa céanna babún. Chaith sé idir ocht agus deich n-uair an chloig in aghaidh an lae ar feadh thart ar cheithre mhí gach bliain ag taifeadadh iompraíocht na mbabún seo.[10]

Gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sapolsky sa bhliain 2009

Ina chuid oibre mar thaighdeoir, tá Sapolsky tar éis díriú ar cheisteanna a bhaineann le strus agus meathlú néarónach, chomh maith leis na féidearthachtaí atá ann maidir le straitéisí géinteiripe [en] a d’fhéadfadh cosaint a thabhairt do néaróin shoghabhálacha.[11] Tá obair déanta aige chomh maith ar mhodhanna aistrithe géine chun nearóin a chosaint ó éifeachtaí díchumasaithe na nglúcacortacóideach [en].[12] Gach bliain caitheann sé am sa Chéinia ag déanamh staidéar ar thrúpa babún fiáin, ag iarraidh na foinsí struis ina dtimpeallacht a aithint agus an gaol a fhiosrú idir phearsantachtaí na n-ainmhithe agus na tinnis sin a bhfuil baint ag strus leo.[9] Go sonrach, déanann Sapolsky staidéar ar na léibhéil chortasóil [en] san fhireannach agus sa bhaineannach alfa, agus sna hainmhithe íochtaránacha, chun na léibhéil struis a mheas. Sa bhliain 1990, rinne sé cur síos ar roinnt dá chuid staidéar ar bhabúin ghlasbhuí in alt dar teideal Stress in the Wild san iris Scientific American [en].[13] Tá roinnt alt scríofa aige ar lagú néareolaíoch agus ar an gcosaint gealtachta [en] i gcórás dlí SAM chomh maith.[14][15]

Tá plé déanta ar obair Sapolsky go forleathan sna meáin: mar shampla, in ailt de chuid Stanford Magazine,[5][6] Wired [en],[16] The New York Times,[4][15][17][18], The Atlantic [en],[19][20] agus The Tehran Times [en];[21] agus i gclár faisnéise de chuid an National Geographic [en] darb ainm Stress: Portrait of a Killer. Tá agallaimh déanta aige ar na podchraoltaí Radiolab [en][22][23] agus The Joe Rogan Experience [en][24], agus tá cainteanna déanta aige do TED [en] chomh maith.[25][26][27]

Tá dearcadh láidir cinnteachaíoch ag Sapolsky maidir le hiompraíocht an duine [en]. Dar leis, níl ann don tsaorthoil [en].[28] Is é a thuairim ná go dtarlaíonn gníomhartha an duine mar thoradh ar an néaraibhitheolaíocht, hormóin, óige an duine, agus cúinsí saoil.[14][17]

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Sapolsky mar Ghiúdach Ceartchreidmheach [en] ach aindiachaí is ea é anois.[29] Tá sé ráite aige gurb é an cor cinniúnach is mó ina shaol le linn a ógantachta ná scaradh le creideamh de gach uile chineál.[30]

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Sapolsky pósta ar Lisa Sapolsky, bean a bhfuil dochtúireacht aici sa néaraisíceolaíocht.[4] Tá beirt pháistí acu, Benjamin agus Rachel.[4]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Stress, the Aging Brain, and the Mechanisms of Neuron Death (MIT Press, 1992) ISBN 0-262-19320-5
  • Why Zebras Don't Get Ulcers (1994, Holt Paperbacks/Owl 3rd Rep. Ed. 2004) ISBN 0-8050-7369-8
  • The Trouble with Testosterone: And Other Essays on the Biology of the Human Predicament (Scribner, 1997) ISBN 978-0-6848-3409-2
  • Junk Food Monkeys (Headline Publishing, 1997) ISBN 978-0-7472-7676-0 (eagrán Briotanach de The Trouble with Testosterone)
  • A Primate's Memoir (Touchstone Books, 2002) ISBN 0-7432-0247-3
  • Monkeyluv: And Other Essays on Our Lives as Animals (Scribner, 2005) ISBN 0-7432-6015-5
  • Behave: The Biology of Humans at Our Best and Worst (Penguin Press, 2017) ISBN 1-5942-0507-8
  • Determined: A Science of Life Without Free Will (Penguin Press, 2023) ISBN 978-0525560975

Duaiseanna, comhaltachtaí agus ballraíochtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Comhaltacht MacArthur (1987)[31]
  • Comhaltacht Alfred. P Sloan (1987)[32]
  • Comhaltacht Klingenstein san Eolaíocht Néarchórais (1987)[33]
  • Duais Uachtaránachta an Taighdeora Óig (ó Fhondúireacht Náisiúnta na hEolaíochta) (1987)
  • Duais Thaighdeoir Óg na Bliana (ó Chumann na hEolaíochta Néarchórais)
  • Duais Thaighdeoir Óg na Bliana (ó Chumann Idirnáisiúnta na Síci-néara-inchríneolaíochta)
  • Duais Thaighdeoir Óg na Bliana (ó Chumann na Síciatrachta Bitheolaíche)
  • Duais Emperor Has No Clothes (ó Fhondúireacht um Shaoirse ón Reiligiún) (2002)
  • Duais John P. McGovern na hEolaíochta Iompraíochta (ó Chumann Mheiriceá um Chur Chun Cinn na hEolaíochta) (2007)
  • Duais Carl Sagan le haghaidh Spéis an Phobail san Eolaíocht a Mhúscailt (ó Wonderfest) (2008)
  • Ball de chuid Bhord Oinigh na Fondúireachta um Shaoirse ón Reiligiún (2010)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Robert M. Sapolsky (2017). "Behave: the biology of humans at our best and worst". New York: Penguin Press. 
  2. "Robert Sapolsky's Profile | Stanford Profiles". web.archive.org (2024-01-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-21. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  3. "Robert M. Sapolsky - Freedom From Religion Foundation". web.archive.org (2024-01-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-21. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 "AT HOME WITH: DR. ROBERT M. SAPOLSKY; Family Man With a Foot In the Veld - The New York Times". web.archive.org (2023-10-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-17. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  5. 5.0 5.1 5.2 "As If You Had A Choice | STANFORD magazine". web.archive.org (2023-12-02). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-12-02. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 "Going Wild | STANFORD magazine". web.archive.org (2023-10-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-17. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  7. 7.0 7.1 "Sapolsky Lectures on Stress and Health, Oct. 28 in Masur Auditorium - The NIH Record -October 16, 2009". web.archive.org (2015-05-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-05-11. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  8. Robert M. Sapolsky (2001). "A primate's memoir". New York: Scribner. 
  9. 9.0 9.1 9.2 "The Rockefeller University » Rockefeller University names Robert Sapolsky 2008 Lewis Thomas Prize winner". web.archive.org (2023-10-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-22. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  10. "How I Write - Robert Sapolsky Transcript". web.archive.org (2023-12-30). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-12-30. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  11. Robert Morris Sapolsky (1992). "Stress, the aging brain, and the mechanisms of neurons death". Cambridge (Mass.) London (England): the MIT press. 
  12. "Robert Sapolsky | Center for Academic Research and Training in Anthropogeny (CARTA)". web.archive.org (2023-10-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-17. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  13. Robert M. Sapolsky (1990-01). "Stress in the Wild". Scientific American 262 (1): 116–123. doi:10.1038/scientificamerican0190-116. ISSN 0036-8733. 
  14. 14.0 14.1 S. Zeki, O. R. Goodenough, Robert M. Sapolsky (2004-11-29). "The frontal cortex and the criminal justice system" (as en). Philosophical Transactions of the Royal Society of London. Series B: Biological Sciences 359 (1451): 1787–1796. doi:10.1098/rstb.2004.1547. ISSN 0962-8436. PMID 15590619. PMC:PMC1693445. 
  15. 15.0 15.1 "Neuroscience - Law - The Brain on the Stand - Jeffrey Rosen - The New York Times". web.archive.org (2023-10-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-17. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  16. "Under Pressure: The Search for a Stress Vaccine | WIRED". web.archive.org (2020-10-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-12. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  17. 17.0 17.1 "Robert Sapolsky Doesn’t Believe in Free Will. (But Feel Free to Disagree.) - The New York Times". web.archive.org (2023-12-19). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-12-19. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  18. "Insights Into the Brain, in a Book You’ll Wish You Had in College - The New York Times". web.archive.org (2023-10-25). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-25. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  19. "Do You Have Free Will? - The Atlantic". web.archive.org (2023-11-16). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-11-16. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  20. "Of Monkeys and Men - The Atlantic". web.archive.org (2023-02-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-02-08. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  21. "Racism, inequality, and conflict: an interview with Prof. Robert Sapolsky - Tehran Times". web.archive.org (2023-08-20). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-08-20. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  22. "New Baboon - Transcript". web.archive.org (2024-01-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-22. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  23. "New Normal - Transcript". web.archive.org (2024-01-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-22. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  24. "Joe Rogan Experience #965 - Robert Sapolsky - YouTube". web.archive.org (2017-05-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-05-26. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  25. "Bugs and bodies: The talks of Session 8 of TED2017 | TED Blog". web.archive.org (2023-10-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-17. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  26. "Robert Sapolsky: The biology of our best and worst selves | TED Talk". web.archive.org (2024-01-02). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-01-02. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  27. "Robert Sapolsky: The uniqueness of humans | TED Talk". web.archive.org (2023-11-15). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-11-15. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  28. Robert Sapolsky (2023). "Determined: A Science of Life without Free Will.": lch. 13. New York: Penguin Press. 
  29. "Robert Sapolsky discusses physiological effects of stress". web.archive.org (2022-12-01). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-12-01. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  30. "Belief and Biology by Robert Sapolsky (April 2003) - Freedom From Religion Foundation". web.archive.org (2023-10-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-10-17. Dáta rochtana: 2024-01-23.
  31. "Fellows List - July 1987 - MacArthur Foundation". web.archive.org (2008-04-19). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-04-19. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  32. "Fellows Database". sloan.org. Dáta rochtana: 2024-01-21.
  33. "All Fellowship Awards" (en-US). Klingenstein Philanthropies. Dáta rochtana: 2024-01-21.