Néarón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtNéarón
Sonraí
Laidinneuron
Cuid denéarchóras agus nervous tissue (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD009474
TAA14.0.00.002
THH2.00.06.1.00002
FMA54527 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/neuron
Téarmaíocht anatamaíoch

Is é atá i néarón (nó cillín néarachnéarchill) ná cillín sa chorp a ligeann thart gach sórt spreagadh a bhaineann leis an inchinn, leis na céadfaí agus le gach sórt gluaiseachta agus corrú a bhaineann don corp. Is bunaonaid fheidhmithe i néarchóras an ainmhí iad. Déanann sé eolas a phróiseáil is a tharchur chuig fíocháin sprice (néaróin eile, matáin, faireoga), de ghnáth trí bhíthin ceimiceán (néaratharchuradóirí). I néarón veirteabraigh, de réir cineáil, bíonn cillchorp (le núicléas soiléir is cuid mhaith citeaphlasma mórthimpeall air), acsón amháin (le géaga teirminéil, oiriúnaithe chun eolas a iompar ón gcillchorp is trasna ceangal chuig na fíocháin sprice), agus deindrítí (ribí a phéacann amach ón gcillchorp is a ghlacann eolas ó theirminéil acsón ó néaróin eile chun an t-eolas sin a iomlánú ag an néarón). Ní bhíonn deindrítí i néaróin inveirteabrach.

Tá cillíní áirithe a bhaineann le gluaiseacht agus corrú na ngéag agus agus an láir - néaróga mótair iadsan.

Cillín néarach amháin.

Tá cillíní eile a bhaineann leis na céadfaí, .i. leis an amharc, leis an éisteacht, le mothúcháin tríd an gcraicinn, le boladh agus le blasú. Néaróga céadfaí iadsan.

Tá cillíní eile a bhaineann le feidhmiú na mball beatha, ar nós na n-aenna, na scamhóg agus an bhoilg. Tugtar néaróga átanómacha orthu sin.

Tá cillíní eile a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann an inchinn ar an eolas go léir a thagann isteach ó na néaróga céadfaí agus ó na néaróga átanómacha, chomh maith leis na mothúcháin intinne a bhaineann leo siúd. Tugtar néaróga comhcheangal orthu.[1]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Néarón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 481.