Strus (síceolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa tsíceolaíocht, iarmhairtí a tharlaíonn nuair a bhíonn cúinsí seachtracha (strusóirí) ag feidhmiú ar dhuine, agus a iompraíonn sé é féin ar bhealaí nósúla ar leith (freagairt ar strus). Is féidir go mbeidh na strusóirí fisiciúil (torann, teas) nó síceolaíoch (bás, dífhostaíocht), ach braitheann an fhreagairt ar conas a ghlacann an duine leo. Taobh istigh den fhreagairt ar strus, bíonn iarmhairtí fiseolaíocha — díshionchrónú na coirtéise is fuascailt hormóin struis ar leith — agus iarmhairtí iompair — roghnaíocht aire, cailliúint cuimhne, nó gníomhaíocht uathchórasach (cosúil le cur allais). I measc na straitéisí a ghabhann daoine chucu chun an lámh in uachtar a fháil air, tá séanadh go bhfuil na cúinsí struis ann ar chor ar bith, agus meabhrú na dála a mheasúnú go réasúnach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Strus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 631.