Riospráid
Tá trí chiall ghaolmhar leis an téarma fiseolaíoch seo, nó 3 phas de phróiseas iomlán amháin.
1/ Is é an chéad cheann, an gníomh análaithe lena ngluaiseann ainmhithe tíre aer isteach ina scamhóga is amach astu, agus lena gcaidéalaíonn ainmhithe uisciúla uisce trína ngeolbhaigh.
2/ Is é an dara ceann ná tógáil ocsaigine ón gcomhshaol is scaoileadh dé-ocsaíd charbóin ar ais ann.
3/ Sa tríú ciall, tá próisis meitibileachta ann lena ndíorthaíonn orgánach fuinneamh ó bhianna trí ocsaigin a úsáid (riospráid aeróbach) nó gan a úsáid (riospráid anaeróbach): uaireanta tugtar riospráid cille nó fíocháin air seo.
Sa duine, cuirtear análú i bhfeidhm trí thoirt an cháis thóracsaigh a athrú go tréimhsiúil (tríd an scairt a chrapadh is na heasnacha a ghluaiseacht): gluaiseann sé seo aer isteach sna scamhóga (ionanálú) is amach astu (easanálú).
Idirleathann ocsaigin ó na hailbheolaigh isteach sna ribeadáin scamhógacha agus iompraíonn imshruthú na fola í chuig na fíocháin ar fud na colainne le húsáid i riospráid aeróbach.
Idirleathann dé-ocsaíd charbóin ó na fíocháin isteach sna ribeadáin ansin agus iompraíonn imshruthú na fola ar ais do na ribeadáin scamhógacha, is amach sna hailbheolaigh le heasanálú ó na scamhóga amach sa chomhshaol.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Riospráid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 563.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |