Jump to content

Riocard Bairéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Riocard Baireád)
Infotaula de personaRiocard Bairéad
Beathaisnéis
Breith1740
Bás1819
78/79 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Ba fhile as Co. Mhaigh Eo é Riocard Bairéad a mhair  san 18ú haois (1740 –1819).[1][2] Léirítear fiáine an cheantair arbh as don fhile – Iorras, Co. Mhaigh Eo – ina chuid filíochta

Chaith sé seal ag múineadh, ach d'éirigh sé as agus chuaigh chun cónaithe ar fheirm bheag. Ba Chaitliceach é. Phós sé dhá uair; ceann amháin ina Phrotastúnach, rud a bhí neamhghnách ag an am.

Ba bhall de na hÉireannaigh Aontaithe é. Ghlac sé páirt san Éirí Amach i 1798 agus chaith seal i bpríosún.

I measc na ndánta a chum sé tá "Preab san Ól" agus "Eoghan Cóir".

Cailleadh sa bhliain 1819 é (8 nó 18 Nollaig).

  • Nicholas Williams, ed., Riocard Bairéad: amhráin (Dublin: An Clóchomhar, 1978)
  • Éigse: a journal of Irish studies 16/3 (1976) Ó Concheanainn (Tomás), (Editor), National University of Ireland, Vol. 16, pp. 171–250.
  • Beiner, Guy (2004) 'Who were "the Men of the West"? Folk historiographies and the reconstruction of democratic histories', Folklore, 115:2, 201-221
  • Dunne, Tom (1998), '"Subaltern Voices?" Poetry in Irish, Popular Insurgency and the 1798 Rebellion', Eighteenth-Century Life - Volume 22, Number 3, November 1998, pp. 31–44, Duke University Press