Riocard Bairéad
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1740 |
Bás | 1819 78/79 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file, cumadóir amhrán |
Ball de |
Ba fhile as Co. Mhaigh Eo é Riocard Bairéad a mhair san 18ú haois (1740 –1819).[1][2] Léirítear fiáine an cheantair arbh as don fhile – Iorras, Co. Mhaigh Eo – ina chuid filíochta.
Chaith sé seal ag múineadh, ach d'éirigh sé as agus chuaigh chun cónaithe ar fheirm bheag. Ba Chaitliceach é. Phós sé dhá uair; ceann amháin ina Phrotastúnach, rud a bhí neamhghnách ag an am.
Ba bhall de na hÉireannaigh Aontaithe é. Ghlac sé páirt san Éirí Amach i 1798 agus chaith seal i bpríosún.
I measc na ndánta a chum sé tá "Preab san Ól" agus "Eoghan Cóir".
Cailleadh sa bhliain 1819 é (8 nó 18 Nollaig).
Eolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Nicholas Williams, ed., Riocard Bairéad: amhráin (Dublin: An Clóchomhar, 1978)
- Éigse: a journal of Irish studies 16/3 (1976) Ó Concheanainn (Tomás), (Editor), National University of Ireland, Vol. 16, pp. 171–250.
- Beiner, Guy (2004) 'Who were "the Men of the West"? Folk historiographies and the reconstruction of democratic histories', Folklore, 115:2, 201-221
- Dunne, Tom (1998), '"Subaltern Voices?" Poetry in Irish, Popular Insurgency and the 1798 Rebellion', Eighteenth-Century Life - Volume 22, Number 3, November 1998, pp. 31–44, Duke University Press
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BAIRÉAD, Riocard (c.1739–1819) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Fonn Ceoil, leabhrán c, COGG
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |